Cúrsa Gaeilge le hÁiteanna Lánmhaoinithe

Tá lúcháir ar Ghaelchultúr, i gcomhpháirt le Coláiste Breisoideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo agus le hÚdarás na Gaeltachta, áiteanna lánmhaoinithe a chur ar fáil arís an t-Earrach seo. Dearadh an clár seo, a gcuirfear tús leis i mí an Mhárta 2026, do dhaoine gairmiúla atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fheabhsú – scil ghairmiúil atá níos tábhachtaí anois ná riamh. Tá gach eolas ar fáil ag an nasc thall.