Cúrsa nua do mhic léinn tríú leibhéal

Jul 8, 2025

KagusMire 9900000000079e3c

Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Katie Ní Riain, Bainisteoir Luathbhlianta le Gaeloideachas, agus Máire Uí Mhurhcú, Iar-stiúrthóir Naíonra Neasáin, ag tabhairt faoi dianchúrsaí tumoideachais le mic léinn triú leibhéal sna seachtainní amhach romhainn.

Beidh siad ag díriú ar na cúrsaí luathoideachas (ECEC) in UCC, DCU, Ollscoil Mhá Nuad agus x3 campas TuD. Beidh an cúrsa trí Bhéarla, chun freastal ar fhormhór na rannpháirtithe. 

An sprioc atá againn ná feasacht a thabhairt do na mic léinn ar cad is Naíonra ann, an múnla a bhaineann leis agus na deiseanna fostaíochta atá ar fáil dóibh ar bhaint amach na céime.

Tá súil agam go mbeidh an togra nua seo chun leasa na géarchéim earcaíochta atá san earnáil faoi láthair.