Daltaí a bhfuil Disléicse orthu i Scoil Lán-Ghaeilge / Ghaeltachta – Acmhainní & Tacaíochtaí do Thuismitheoirí
Tá an-áthas ar Gaeloideachas bheith in ann cur leis an réimse tacaíochtaí atá ar fáil do thuismitheoirí agus caomhnóirí a bhfuil páiste le disléicse orthu agus iad ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge nó Ghaeltachta, nó go deimhin ag smaoineamh ar scoil trí mheán na Gaeilge dá gcuid páistí. I measc na dtacaíochtaí nua, áirítear leabhrán atá lán le comhairle do thuismitheoirí maidir leis an gcóras lán-Ghaeilge dá gcuid páistí agus dhá sheimineár do thuismitheoirí ar an ábhar céanna.
Seoladh an leabhrán nua, gur comhthionscadal é le Cumann Disléicse na hÉireann, ar an 3 Meitheamh. Tá an leabhrán bunaithe ar an taighde reatha náisiúnta agus idirnáisiúnta agus é leabaithe sna dea-chleachtas is fearr atá sna scoileanna. Ag labhairt faoi fhorbairt an leabhráin, dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, “comhoibriú fíorluachmhar a bhí ann, inar tháinig saineolaithe sa dá réimse le chéile chun leasa tuismitheoirí agus daltaí sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Creidimid gur tús turais dearfach atá ann ag obair in éindí le Cumann Disléicse na hÉireann ag cur ár gcuid acmhainní, saintaithí agus saineolas le chéile chun teacht ar na bealaí is fearr le tacú le páistí a bhfuil an disléicse orthu sa scoil lán-Ghaeilge nó Ghaeltachta”.
Reáchtáladh dhá sheimineár do thuismitheoirí ar an ábhar céanna ar an 3 agus an 4 Meitheamh, ceann go dátheangach nó Béarla don chuid is mó agus ceann i nGaeilge. D’fhreastail slua an-mhór ar na hócáidí, rud a léiríonn ní amháin go bhfeileann an cur chuige fíorúil de bharr am tuismitheoirí a bheith an-ghann ach thar aon rud eile gur ábhar mór spéise agus b’fhéidir buartha é ceist an disléicse do an-chuid tuismitheoirí agus daltaí. Dóibh siúd nár éirigh leo a bheith ag ceachtar den dá sheimineár, tá an taifead ar fáil ar chainéal YouTube Gaeloideachas.
Deir Anna Ní Chartúir, duine den phainéal agus Oifigeach Caidreamh Poiblí Gaeloideachas “ táimid ríméadach gur thapaíomar an deis aghaidh a thabhairt go dearfach ar an gceist faoin disléicse agus go bhfuil deis faighte againn tuismitheoirí a chur ar a suaimhneas ina leith. Roinneadh eolas an-luachmhar agus praiticiúil le tuismitheoirí le neart comhairle stuama ó pheirspeictíochtaí an taighdeora, an mhúinteora agus an tuismitheora. Ceann de phríomhtheachtaireachtaí na seimineár ná go n-aithnítear gur dúshlán fíorchomónta é an disléicse sa scoil lán-Ghaeillge agus Ghaeltachta ach le tacaíocht mhaith ón scoil, go n-éiríonn chomh maith céanna le páiste sa scoil lán-Ghaeilge/Ghaeltachta is a d’éireodh leo sa scoil Bhéarla, agus go bhfuil na buntáistí uile eile a bhaineann leis an dátheangachas faighte ag an bpáiste”. Tá an leabhrán ar fáil saor in aisce le híoslódáil anois ar shuíomh Gaeloideachas móide go leor foinsí thacaíochta eile ar riachtanais speisialta oideachais.
Reáchtáilfidh Gaeloideachas seimineáir eile do mhúinteoirí ar an disléicse luath san Fhómhair agus leanfar le sraith do thuismitheoirí ar ábhar an uathachais chomh maith.
Tuilleadh eolais faoi Gaeloideachais ar fáil ag www.gaeloideachas.ie./special-education nó eolas@gaeloideachas.ie