Cart

Deá-scéal do pháistí i mBaile Átha Cliath le 5 bhunscoil lán-Ghaeilge nua fógartha

by | Sep 3, 2019 | Ginearálta, Media Resource(Irish), Muinteoirí, Nuacht, Preasráitis, Scoileanna Nua, Taighdeoirí, Tuismitheoirí

Tréaslaíonn Gaeloideachas leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe Mc Hugh, TD a d’fhógair inniu go mbeidh cúig cinn den cheithre scoil déag nua atá le hoscailt sa tréimhse 2020-2022 ina scoileanna lán-Ghaeilge, de thoradh athrú suntasach agus stairiúil ar an gcóras bunaithe scoile. Beidh na scoileanna seo ag freastal ar phobail Bhaile Átha Cliath, thuaidh agus theas, agus dá réir beidh oideachas lán-Ghaeilge agus na buntáistí uile a ghabhann leis an dátheangachas á leathnú do na mílte páistí sna blianta atá romhainn.

Faoin gcóras nua le scoileanna nua a bhunú beidh dhá athrú shuntasacha ann:

  1. I gcás nach mbeidh aon soláthar gaeloideachais ann cheana i limistéar pleanála scoile agus go mbeidh bunscoil nua á bunú chun freastal ar éileamh déimeagrafach, ainmneofar an scoil nua mar ghaelscoil, agus;
  2. I gcás go mbeidh roinnt bunscoileanna nua le bunú san aon limistéar pleanála scoile amháin le linn na tréimhse 2019-2022, beidh ceann amháin ar a laghad de na scoileanna sin ina ghaelscoil.

“Lá mór seo don oideachas lán-Ghaeilge” a dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas. “Léiríonn cinneadh an Aire go n-aithnítear an tábhacht a bhaineann le córas bunaithe scoile a thacaíonn le mianta an phobail, mar tuigeann muid ón taighde go roghnódh 23% bunscoil lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh ceann ar fail dóibh. Tacaíonn sé chomh maith le polasaí an Stáit maidir le cur chun cinn na Gaeilge, agus tá súil againn go leathnófar na físe anois agus go ndéanfar an córas bunaithe scoile ag an iar-bhunleibhéal a athbhreithniú ar bhonn práinne, go háirithe mar a bhaineann le ceist na n-aonad”.

Bua iontach é seo don chur chuige comhordaithe idir na páirtithe atá ag plé le hoideachas agus an nGaeilge, ina airítear Gaeloideachas, An Foras Pátrúnachta, Conradh na Gaeilge agus Oifig an Choimisinéara Teanga, chomh maith leis na tuismitheoirí uile a thacaigh leis na feachtais le scoileanna nua a bhunú ón uair gur cuireadh an próiseas pátrúnachta i bhfeidhm. “Is buíochas le gach tuismitheoir a sheas ar son cearta teanga agus oideachais a gcuid páistí go bhfuil na hathruithe suntasacha agus dearfacha seo á gcur i bhfeidhm” a dúirt ní Ghréacháin “agus leanfaidh Gaeloideachas ag tacú leo, agus le foireann na naíonraí agus na scoileanna, le cinntiú go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge den scoth ar fáil ag an trí leibhéal do gach éinne gur mian leo é”.

Tá súil ag Gaeloideachas go mbeidh deis ann bunscoileanna lán-Ghaeilge sa bhreis ar an gcúig scoil seo a oscailt chomh maith. Tá naoi gceantar eile ar liosta na Roinne ina n-osclófar scoileanna nua sa tréimhse 2020-2022. Déanfar cinntí maidir le pátrúnacht agus sainmheoin teanga na scoileanna seo i ndiaidh próiseas comhairliúcháin le tuismitheoirí sna ceantair faoi seach. Ainneoin go bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge sna limistéir phleanála scoile seo cheana féin, ní hionann sin i gcónaí agus dóthain spáis a bheith ar fáil iontu do na páistí uile a mbeadh a thuismitheoirí ag roghnú oideachas lán-Ghaeilge dóibh. Mar sin, beidh feachtais á rith ní hamháin i mBaile Átha Cliath ach i gCill Dara, Cill Chainnigh agus Corcaigh chomh maith, le deis chothrom a éileamh do pháistí rochtain a bheith acu ar oideachas lán-Ghaeilge.

Tá Gaeloideachas ag súil le bheith ag obair leis na pátrúin ionchasacha do na scoileanna nua seo, agus ag tnúth go mór le fáilte a chur roimh phobail na scoileanna nua nuair a osclófar iad i gceann bliana.