Déan Comhrá nua do theaghlaigh le clann óg ❤️

Cruthaíodh an leagan nua desna leabhráin Déan Comrá mar áis do theaghlaigh le clann réamhscoile. Más duine thú la Gaeilge scoile nó le Gaeilge ón gcliabhán bíonn foclóir nua le foghlaim agus tú ag tabhairt aire do bhunóc, lámhacánaí, tachrán nó leanbh ar aois naíonra. Ar gach leathanach tá íomhá MF nasctha le comhad fuaime gur féidir leat a oscailt le guthán nó leac, nó díreach le gliogáil air sa gcáipéis PDF. Ar chúl an leabhráin tá cúig leathanach áisiúla ar fhóinic agus ar fhoghraíocht na Gaeilge; b’fhéidir go bhfuil nod nó dhó nua do gach duine.
- Beannachtaí & nathanna eile ag doras an Naíonraa
- An teaghlach agus a mhuintir
- An naíolann
- Clós súgartha
- Tinneas
- Bréagáin agus súgradh
- Sárlaochra
- Rialacha agus treoracha
- Abairtí áisiúla
- Ar ais sa bhaile
- Scéalta: Cois farraige
- Moladh agus cion
- Dea-bhéasach i gcónaí
- Scéalta: Ainmhithe thar lear
- Bia agus deoch
Tá Gaeloidechas an-sásta leis na léaráidí áille atá déanta ag Tarsila Krüse don leabhrán nua seo. Is féidir le Naíonraí cóipeanna clóite a ordú in aisce.