Déan Comhrá – Leagan Nua le Fuaim & Foghraíocht

Tá leagan nua eisithe den leabhrán ó Gaeloideachas Déan Comhrá dírithe ar theaghlaigh le clann i scoil lán-Ghaeilge. Tá foclóir níos leithne ann agus ar gach leathanach foclóra tá íomhá de chód MF a osclaíonn comhad fuaime don fhoclóir sin. Is féidir na naisc sin a oscailt díreach sa PDF nó le ceamara gutháin póca ón leagan clóite.
Áis nua eile atá sa leabhrán ná cur síos ar fhoghraíocht na Gaeilge. Tá cúig leathanach A5 ann ina bhfuil an chuid is mó den eolas atá de dhíth ar fhoghlaimeoir le tabhairt faoin bhfocal scríofa a fhuaimniú agus muinín a fhorbairt ina chumas teanga. Is féidir lenár mbaill cóipeanna clóite a ordú saor in aisce. Tá an leagan Úcráinis – Gaeilge fós ar fáil agus seolfar Déan Comhrá dírithe ar theaghlaigh le clann níos óige an mhí seo chugainn.