Déan Oíche Shamhna Sa Bhaile

Oct 23, 2020

Teimpléid  Mailchimp

Beidh Oíche Shamhna difriúil dúinn ar fad i mbliana, ach ní ionann sin agus nach mbeidh spraoi ann!

Tá neart acmhainní cruthaithe agus bailithe againn do thuismitheoirí le páistí san oideachas lán-Ghaeilge & Gaeltachta.

Is féidir do stór focal d’Oíche Shamhna a chleachtadh lenár bhfíseán “Déan Comhrá”, tá comhairle curtha ar fáil do thuismitheoirí agus do pháistí ó An Garda Síochána mar gheall ar shábháilteacht i rith na tréimhse seo, tá scéalaíocht scanrúil agus oideas anraith ar fáil agus neart eile leis an tseachtain lár téarma a líonadh!

Seolaigí chugainn bhur ngriangraif le go bhfeicimid bhur n-iarrachtaí iontacha Oíche Shamhna ar leith a dhéanamh! Déan teagmháil le Jill más mian libh aon rud a roinnt: jill@gaeloideachas.ie

Faigh na hacmhainní seo ar fad anseo: Oíche Shamhna 2020

Acmhainní Gaeloideachas| Gaeloideachas Resources
Acmhainní Seachtracha | External Resources