Disléicse
Réamhrá
Roghnaíonn go leor tuismitheoirí a bhfuil páistí le riachtanais speisialta oideachais acu scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta dá gclann. Is í an disléicse an riachtanas speisialta oideachais is coitianta a n-áirítear i scoileanna lán-Ghaeilge, agus tá sí ar níos mó ná 9% de dhaltaí atá sa chóras bunleibhéil lán-Ghaeilge. Sa rannóg seo, tá comhairle agus eolas do thuismitheoirí agus chaomhnóirí maidir le disléicse a aithint, cúrsaí measúnaithe agus conas tacú le páiste a bhfuil disléicse air nó uirthi. Is é an bhunsprioc atá leis an eolas seo ná cabhrú le tuismitheoirí tuiscint níos fearr a bheith acu ar an disléicse, dul i ngleic le roinnt de na míthuiscintí a bhaineann le disléicse agus oiriúnacht an chórais lán-Ghaeilge, mar aon le comhairle a thabhairt maidir le conas tacú le do pháiste. Ba mhaith linn tuismitheoirí a chumasú agus a chur ar an eolas faoin disléicse le go mbeidh siad in ann na roghanna is fearr a dhéanamh dá bpáistí. Tá roinnt leideanna praiticiúla againn do thuismitheoirí freisin ar bhealaí chun tacú leis an bhfoghlaim agus leis an obair bhaile.
Is fíorcheisteanna iad na ceisteanna sa rannóg seo a bhfuair Gaeloideachas ó thuismitheoirí agus chleachtóirí. Táimid fíorbhuíoch d’Emily Barnes ón tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra, Coláiste na Tríonóide, as na freagraí seo a chur ar fáil, mar aon leis na taighdeoirí agus cleachtóirí a roinn a gcuid leideanna, comhairle agus taighde ag ár gcuid oícheanta eolais ar an disléicse a bhí ar siúl le deireanaí. Is féidir breathnú ar thaifead de na seimineáir seo ag na naisc seo:
https://youtu.be/2vXJzEvpMuU (Seimineár Béarla)
https://youtu.be/-8nvwfWkokY (Seimineár Gaeilge)
Má tá aon cheisteanna ginearálta eile ar chóir bheith anseo, dar leat, beimid lánsásta iad a áireamh. Is féidir ríomhphost a chur chuig Ciara Ní Bhroin ciara@gaeloideachas.ie. Má tá aon ábhar imní eile agat nó ma tá eolas breise ginearálta uait, b’fhéidir go mbeadh Cumann Disléicse na hÉireann in ann cabhrú leat. Féach ar: www.dyslexia.ie.
Bain úsáid as an gclár ar chlé chun do bhealach a dhéanamh trí na leathanaigh éagsúla sa rannóg seo ar an disléicse.