Disléicse agus oideachas Lán-Ghaeilge

Clúdaíonn an rannóg seo réimse ceisteanna a bhíonn ag cuid mhaith tuismitheoirí sula gcuireann siad a bpáiste chuig scoil lán-Ghaeilge, go háirithe muna labhraínn siad Gaeilge mar theanga baile.

Tugtar míniú ar bhuntáistí an dhátheangachais agus treoir chuig taighde a dhearbhaíonn na buntáistí seo.

Cén chaoi a mbeadh a fhios agam go n-oirfeadh scoil lán-Ghaeilge do mo pháiste?

Sula dtosaíonn do pháiste ar scoil, is deacair tuairim bheith agat faoin gcaoi a dtiocfaidh forbairt ar spéiseanna do pháiste. Déanann freastal ar scoil lán-Ghaeilge nó Ghaeltachta uasmhéadú ar roghanna agus dheiseanna do pháiste agus é nó í ag fás aníos. Chomh maith leis na buntáistí acadúla agus cultúrtha a bhaineann leis an dátheangachas, tá níos mó deiseanna fostaíochta do dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Is léir ó thaighde (féach an rannóg maidir le Tagairtí) go ndéanann páistí i scoileanna lán-Ghaeilge an fhorbairt chéanna i gcás forbairt scileanna litearthachta agus teanga an Bhéarla is a dhéanann páistí i scoileanna lán-Bhéarla.

Is é an rud is tábhachtaí ná cinnte a dhéanamh de go n-oireann an scoil do do pháiste agus a chinntiú go bhfuil na hacmhainní nó taithí aici le tacú le foghlaim agus sonas do pháiste. Bíonn sé seo mar an gcéanna i scoileanna lán-Bhéarla agus scoileanna lán-Ghaeilge araon. Is fiú éiteas na scoile, méid na ranganna agus deiseanna seach-churaclaim a chur san áireamh chomh maith. Má bhíonn riachtanais speisialta oideachais ag do pháiste, cinntigh go bhfuil na tacaíochtaí agus an taithí acu chun tacú le do pháiste. Éist le eispéiris tuismitheoirí eile agus iarr ar an scoil eolas a thabhairt duit ionas go mbeidh tú in ann cinneadh feasach a dhéanamh.

Tá sé ráite ag síceolaí nach n-oirfeadh scoil lán-Ghaeilge do mo pháiste? Cén chomhairle a chuirfeá orm maidir leis seo?

Bhíodh an chomhairle seo thar a bheith coitianta ach tá sé ag athrú bunaithe ar an taighde. Tugann an taighde le fios gur chóir an deis a thabhairt do pháistí bheith dátheangach agus gur féidir leo barr a gcumais (acadúil) a bhaint amach i scoil lán-Ghaeilge. Tugann taighde le fios go n-éiríonn le páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu chomh maith céanna leis an léitheoireachta Bhéarla, is a éiríonn le páistí leis na riachtanais chéanna i scoileanna lán-Bhéarla. Is féidir le páistí a bhfuil disléicse orthu barr a gcumais acadúil a bhaint amach i scoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta, a fhad is atá an tacaíocht chuí ar fáil.

Is é an príomhrud ná an féidir leis an scoil tacú le riachtanais do pháiste. Fiosraigh an leibhéal tacaíochta atá ar fáil sa scoil lán-Ghaeilge. Is fiú fiosrúchán a dhéanamh maidir le cén tsamhail tacaíochta atá ag an scoil, an taithí atá acu maidir le páistí a bhfuil disléicse orthu a thacú agus cén oiliúint a cuireadh ar an bhfoireann maidir leis an disléicse. Is gá folláine an pháiste a chur san áireamh chomh maith, agus an tionchar a fhéadfadh a bheith ag athrú scoile ar an bpáiste tar éis dó nó di socrú isteach sa scoil lán-Ghaeilge.

I dtaighde a foilsíodh le déanaí (Andrews, 2020), rinneadh iniúchadh ar na buntáistí a d’aithin na tuismitheoirí a choinnigh a páistí s’acusan i scoileanna lán-Ghaeilge. I measc na mbuntáistí seo tá:

 

  • D’éirigh a bpáistí dátheangach agus is féidir leo cumarsáid a dhéanamh sa dá theanga
  • Buntáistí acadúla san iar-bhunscoil, marcanna maithe sa Ghaeilge agus aistriú scileanna go dtí an tríú teanga mar shampla.
  • Féinmheas, féinaitheantas agus bród: mhothaigh páistí go raibh an Ghaeilge ina buntáiste dóibh i gcomparáid le scoláirí scoileanna lán-Bhéarla.
  • Deiseanna athdhéanta: thug foghlaim scileanna áirithe sa dá theanga deiseanna athdhéanta do na scoláirí, a chabhraigh leo máistreacht a fháil ar roinnt scileanna.

Ar chóir dúinn cloí leis an oideachas lán-Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile sa chás go n-aithnítear Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO), go háirithe más níos mó ná deacracht amháin atá aitheanta? Mar shampla má bhíonn disléicse agus dioscalcúile ar an bpáiste, nó disléicse agus lagú éisteachta fiú?

Is í an cheist is tábhachtaí ná an bhfuil taithí agus acmhainní ag an scoil a thacóidh le foghlaim agus sonas do pháiste. Cuireann scoileanna lán-Ghaeilge oideachas ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu, idir riachtanais fhisiciúla agus riachtanais oideachais; páistí a bhfuil lagú radhairc nó éisteachta acu, páistí atá ar speictream an uathachais, páistí a bhfuil disléicse orthu agus iad le riachtanais speisialta oideachais eile. Cuireann scoileanna lán-Ghaeilge an tacaíocht chéanna ar fáil is atá i scoileanna lán-Bhéarla. Cuir ceist ar an scoil maidir leis an tacaíocht is féidir leo a chur ar fáil, bunaithe ar shainriachtanais do pháiste, chomh maith leis an taithí atá acu ag déileáil le páistí a bhfuil diagnóis acu do níos mó ná RSO amháin. Ní aisteach an rud é go mbeadh riachtanais a bhaineann le réimse eile ag páiste a bhfuil disléicse air. Éiríonn go geal le neart páistí a bhfuil disléicse orthu i scoileanna lán-Ghaeilge, agus bíonn siad an-sásta.

Má tá disléicse ar pháiste ar chóir dóibh a bheith i scoil Ghaeltachta? An mbeadh sé nó sí níos fearr as a bheith i scoil lán-Bhéarla?

Tugann scoileanna Gaeltachta deis do pháistí scileanna litearthachta agus labhartha a fhorbairt i mBéarla agus i nGaeilge i dtimpeallacht atá an-tacúil. Bíonn tuilleadh tacaíochta ar fáil anois ná riamh mar gheall go bhfuil múinteoirí tacaíochta teanga ann i scoileanna Gaeltachta ó tháinig an Polasaí don Oideachas Gaeltachta i bhfeidhm. Tá sé an-tábhachtach go bhfaigheann páistí an deis a gcuid scileanna a fhorbairt i dteanga an phobail agus i dteanga a muintire, agus faigheann páistí an seans sin sna scoileanna Gaeltachta. Is féidir le páistí i scoileanna Gaeltachta barr a gcumais a bhaint amach agus téann an traschur scileanna chun tairbhe dá scileanna litearthachta sa dá theanga. Chomh maith leis sin, tá go leor buntaístí acadúla, cognaíocha agus teanga ag baint le hoideachas trí Ghaeilge.

Aon chomhairle faoi oiriúint scoil Ghaeltachta do pháiste a bhfuil disléicse orthu, nuair nach bhfuil an Ghaeilge mar an chéad teanga sa bhaile?

Is i nGaeilge amháin a fhorbraítear scileanna litearthachta sna scoileanna Gaeltachta don chéad dá bhliain ar scoil ó cuireadh an Polasaí don Oideachas Gaeltachta i bhfeidhm in 2017. Tugann sé seo deis iontach do pháiste an Ghaeilge a shealbhú agus na scileanna litearthachta cuí a fhorbairt sna naíonáin bheaga agus sna naíonáin mhóra, is cuma cén teanga bhaile atá acu. Ní dhéantar Béarla go dtí Rang a 1 agus ní bhíonn stró ar bith ar pháiste na scileanna litearthachta a d’fhorbair siad i nGaeilge ar feadh dhá bhliain ar dtús a aistriú go foghlaim an Bhéarla.

Má chuirim mo pháiste go scoil léitheoireachta do Rang a 3 agus 4, an féidir leis filleadh ar an ngaelscoil le Rang a 5 agus 6 a chríochnú?

Moladh scoil léitheoireachta dár mac atá ag freastal ar Ghaelscoil faoi láthair. Chuala mé roinnt blianta ó shin nuair a fuair mo mhac níos sine diagnóis disléicse nach féidir le páiste a fhágann gaelscoil le freastal ar scoil léitheoireachta filleadh ar an ngaelscoil tar éis dóibh an dá bhliain sa scoil léitheoireachta a chríochnú. An amhlaidh atá sé seo i gcónaí? Má chuirim mo pháiste go scoil léitheoireachta do rang a 3 agus 4, an féidir leis filleadh ar an ngaelscoil le rang a 5 agus 6 a chríochnú?

Seo comhairle na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ina leith:

Is é an cleachtas reatha agus an cleachtas san am atá thart maidir le daltaí a fhreastalaíonn ar ranganna speisialta urlabhra agus teanga do thréimhse bliana nó tréimhse dhá bhliain ná go bhfilleann na daltaí seo ar an scoil ina raibh siad cláraithe díreach roimh thús an tsocrúcháin sa rang speisialta urlabhra agus teanga. Is í seo comhthuiscint na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta agus Aonad Polasaí agus Rialachas Scoileanna na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Má tá eolas breise ag teastáil maidir leis na socruithe beachta riaracháin, is féidir iad seo a fháil trí ríomhphost a chur chuig an Roinn ag: schoolgovernance@education.gov.ie

An ionann na fadhbanna i nGaeilge agus i mBéarla maidir le cuimhne, luas léitheoireachta agus próiseála, seicheamhú, srl.?

Tá deacrachtaí sna réimsí sin ar fad ag roinnt daoine le disléicse, agus tá deacrachtaí i gcuid de na réimsí sin ag daoine eile le disléicse. Ag an leibhéal cognaíoch (cuimhne, próiseáil, seiceamhú), is ionann na deacrachtaí atá ag duine le disléicse in aon teanga. Bíonn tionchar éagsúil ag an disléicse ar an léamh agus ar an litriú i dteangacha éagsúla, áfach. Mar shampla, i dteanga le córas casta scríofa (e.g. Béarla), is minic a dhéantar botúin sa léamh agus sa litriú. I dteanga le córas simplí, (e.g. Spáinnis) is minic a bhíonn an léitheoireacht mall ach cruinn. Tá an Ghaeilge níos rialta ná an Béarla agus beidh páistí in ann leas a bhaint as an rialtacht sin má mhúintear fónaic dóibh.

Céard iad na scálaí tomhais agus critéir oibiachtúla atá ann a dhéanann measúnacht ar fhorbairt mo pháiste laistigh den chóras oideachas lán-Ghaeilge, forbairt sa Ghaeilge agus forbairt níos ginearálta?

Déanann an curaclam nua spriocanna foghlama a bhriseadh síos ina gcéimeanna, rud a ligeann do mhúinteoirí dul chun cinn a thomhas. Is féidir le múinteoirí é a aithint mura mbíonn dul chun cinn an pháiste go maith i gcomparáid le daltaí eile ná i gcomparáid le scileanna an pháiste i réimsí eile. Is féidir le múinteoirí Próifílí Measúnachta don Ghaeilge sna Scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge a úsáid chomh maith, a leagann forbairt teanga páistí amach ina céimeanna, ionas gur féidir iniúchadh a dhéanamh ar an dul chun cinn. Má aithníonn an múinteoir nach bhfuil na spriocanna foghlama á mbaint amach ag páiste, cuirtear tacaíocht ar fáil dó (féach ar an leathanach maidir le Disléicse a aithint le heolas a fháil a bhaineann leis an Leanúntas Tacaíochta). Ba chóir duit coinne a dhéanamh chun labhairt leis an múinteoir ranga sa chás go bhfuil tú imníoch faoi dhul chun cinn do pháiste sa Ghaeilge, nó i réimsí eile.

An bhfuil aon taighde ann a chuireann torthaí páistí a bhfuil disléicse orthu i scoileanna lán-Bhéarla i gcomparáid le torthaí páistí le disléicse i scoileanna lán-Ghaeilge nó Gaeltachta?

Bunaithe ar an taighde, éiríonn páistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachas acu chomh maith céanna i scoileanna lán-Bhéarla is a éiríonn siad i gcóras an tumoideachais. Baineann buntáistí breise leis an scolaíocht lán-Ghaeilge nach bhfuil ceangal díreach acu le torthaí litearthachta. Rinne taighde le déanaí (Andrews, 2020) iniúchadh ar thuairimí na dtuismitheoirí a sheol a bpáistí (a bhfuil disléicse orthu) chuig scoileanna lán-Ghaeilge. I measc na mbuntáistí a aithníodh tá:

 

  • Dátheangachas: is féidir leis an bpáiste cumarsáid a dhéanamh i ndá theanga.
  • Buntáistí acadúla san iar-bhunscoil, marcanna maithe sa Ghaeilge agus aistriú scileanna go dtí an tríú teanga mar shampla.
  • Féinmheas, féinaitheantas agus bród: mhothaigh páistí go raibh an Ghaeilge ina buntáiste dóibh i gcomparáid le scoláirí scoileanna lán-Bhéarla.
  • Deiseanna athdhéanta: thug foghlaim scileanna áirithe sa dá theanga deiseanna athdhéanta do na scoláirí, a chabhraigh leo máistreacht a fháil ar roinnt scileanna.

 

Rinne staidéar amháin comparáid idir forbairt litearthachta na scoláirí i scoileanna lán-Ghaeilge, scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Bhéarla (Parsons & Lyddy, 2016). I measc na rannpháirtithe bhí daoine ó raon iomlán an chumais léitheoireachta, léitheoirí maithe agus léitheoirí laga. Ní raibh éinne aitheanta mar dhuine a raibh disléicse air mar gheall ar an aoisghrúpa (Naíonáin Mhóra – Rang 2). Fuarthas amach sa taighde go raibh na páistí i scoileanna lán-Ghaeilge, mar ghrúpa, chomh maith céanna maidir le léitheoireacht an Bhéarla is a bhí páistí i scoileanna lán-Bhéarla. Anuas air sin, bhí scileanna léitheoireachta agus foclóra Gaeilge níos fearr acu ná dream na scoileanna lán-Bhéarla, agus bhí scileanna díchódaithe ag na páistí i scoileanna lán-Ghaeilge a bhí mar an gcéanna leis na páistí i scoileanna lán-Bhéarla. Ní féidir forbairt scileanna na scoláirí aonair a thomhas mar gur grúpstaidéar a bhí i gceist. É sin ráite, rinne staidéar eile (Ní Chiaruáin, 2009) iniúchadh ar an bhforbairt a rinne triúr scoláirí i scoil lán-Ghaeilge, a raibh disléicse orthu. Mhaígh torthaí an taighde seo go ndéanann siad dul chun maith sa dá theanga, agus go raibh a scileanna léitheoireachta Béarla beagán níos fearr ná mar a bhí sa Ghaeilge.

Rinneadh grúpstaidéir ar scoláirí i gCeanada a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu, dream a bhí i dtumoideachas Fraincise. Tá Genesee agus Jared (2008) tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na staidéir seo. Maíonn an fhianaise go mbíonn leibhéal léitheoireachta na bpáistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais orthu chomh maith céanna i scoileanna lán-Bhéarla agus scoileanna lán-Fhraincise, agus go mbíonn leibhéal léitheoireachta Fraincise níos airde ag na scoláirí sna scoileanna lán-Fhraincise. Tá neart cosúlachtaí idir scoileanna lán-Fhraincise i gCeanada agus cás na scoileanna lán-Ghaeilge in Éirinn.

Conas a thuigeann tuismitheoir má tá Béarla a p(h)áiste tar éis a fhorbairt mar is ceart agus iad sa chóras lán-Ghaeilge nó Gaeltachta?

Ón taighde atá déanta, is amhlaidh go mbíonn an foclóir Béarla atá ag páistí i scoil lán-Ghaeilge chomh maith céanna is a bhíonn an foclóir atá ag páistí i scoileanna lán-Bhéarla. Chomh maith leis sin, tar éis dóibh tosú ar fhoghlaim an Bhéarla ar scoil, bíonn an foclóir Béarla atá ag páistí i scoileanna Gaeltachta chomh maith céanna is a bhíonn an foclóir atá ag páistí i scoileanna lán-Bhéarla.

Más Gaeilge a labhraíonn páiste sa bhaile, seans go mbeidh forbairt scileanna labhartha Béarla an pháiste níos moille ná páistí a thógtar le Béarla, ach níl aon bhaol ann nach mbeidh máistreacht acu ar an mBéarla tar éis na bunscoile. Is fiú leanúint le forbairt scileanna teanga sa Ghaeilge sa bhaile, agus tiocfaidh na scileanna Béarla de réir a chéile.

Céard iad na difríochtaí idir teagasc na léitheoireachta (léitheoireacht an Bhéarla ach go háirithe) i scoileanna lán-Ghaeilge nó Gaeltachta agus teagasc na léitheoireachta i scoileanna lán-Bhéarla?

Tá teagasc na léitheoireachta Béarla mar an gcéanna i scoileanna lán-Ghaeilge, scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Bhéarla. De ghnáth baintear úsáid as meascán de theagasc foghraíochta agus teagasc na bhfocal iomlán. Ní hionann tabhairt isteach léitheoireacht Bhéarla agus Ghaeilge i ngach scoil, áfach. Tugann roinnt scoileanna léitheoireacht Bhéarla isteach ar dtús, tugann scoileanna eile léitheoireachta Ghaeilge isteach ar dtús agus tá scoileanna ann a thugann an dá cheann isteach ag an am céanna. Tugann scoileanna Gaeltachta léitheoireacht Ghaeilge isteach ar dtús, de réir Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Sna scoileanna seo tá tumoideachas Gaeilge riachtanach sa chéad dá bhliain.

Léiríonn taighde roimhe seo (Parsons & Lyddy, 2016) go mbíonn sealbhú litearthacht an Bhéarla i measc na scoláirí scoileanna lán-Ghaeilge chomh maith céanna leis na scoláirí i scoileanna lán-Bhéarla, faoin am a mbaineann siad Rang 2 amach. Léiríonn sé chomh maith go mbíonn leibhéal sealbhaithe na litearthachta Gaeilge níos airde i measc scoláirí scoileanna lán-Ghaeilge. Mar an gcéanna, bhí scileanna léitheoireachta agus foclóra Gaeilge níos fearr acu ná dream na scoileanna lán-Bhéarla, agus bhí scileanna díchódaithe ag na páistí scoileanna lán-Ghaeilge a bhí mar an gcéanna leis na páistí i scoileanna lán-Bhéarla.

Buairt maidir le stór focail nuair is Béarla atá againn sa bhaile

Béarla atá againn den chuid is mó aige baile. Nuair a rachaidh mo pháiste (aois 7) in aois, leathnóidh a foclóir Béarla mar sin atá á labhairt aige. Táim cinnte nach leathnóidh a foclóir Ghaelainn ar an luas céanna. Tiocfaidh sé ar an-chuid focail sa léitheoireacht nach n-aithneoidh sé ar an gcéad dul síos agus ansan nach mbeidh sé in ann a léamh. Nach bhfuil sé sin an-deacair air? Conas gur féidir liom tabhairt faoi sin nuair nach bhfuil fonn air Gaelainn a labhairt aige baile.

Mar aon le an-chuid páistí sna Gaelscoileanna, ceapann sé gur teanga teagaisc í an Ghaelainn agus níl suim aige i gcartúin nó léitheoireacht na Gaeilge sa bhaile.

Is próiseas é sealbhú na léitheoireachta – tarlaíonn sé de réir a chéile. Déanfaidh do pháiste dul chun cinn sa teanga labhartha de réir mar a dhéanann sé dul chun sinn sa teanga scríofa. Ná déan dearmad go bhfuil do pháiste tumtha sa Ghaeilge ar scoil, agus go bhfoghlaimíonn sé focail nua sa chaoi chéanna is a bhfoghlaimíonn sé iad sa Bhéarla sa bhaile.

Sa bhreis air sin, is gnáth dúinn go léir teacht ar fhocail nua agus muid ag léamh. Is í an léitheoireacht ceann de na bealaí is éifeachtaí le focail nua a fhoghlaim. Sin an fáth a dhéantar fónaic a theagasc – le go mbeidh páistí in ann focail nua a dhíchódú. Is féidir go leor focal a thuiscint i gcomhthéacs na habairte, fiú muna bhfuil siad ar eolas ag duine cheana féin. Dá mhéad a léann sé, is fearr é: tá leabhair iontacha ar fáil sa Ghaeilge do gach aoisghrúpa agus ar go leor téamaí agus ábhair éagsúla.

Is fiú Gaeilge a labhairt le do pháiste sa bhaile fiú más Béarla a labhraíonn sé nó sí ar ais leat. D’fhéadfá cur leis na comhthéacsanna ina n-úsáideann do pháiste Gaeilge. Bíonn imeachtaí teaghlaigh ar siúl ag grúpaí éagsúla (féach ar www.peig.ie agus roghnaigh “oiriúnach do theaghlaidh” ón liosta), mar shampla. Is féidir le Gaeloideachas comhairle a chur ort maidir le heagraíochtaí éagsúla ag brath ar do chuid riachtanas.

Cén chaoi a n-oibríonn fónaic do pháiste a bhfuil disléicse air? An gcuirfidh sé isteach ar thuiscint fóineolaíochta an pháiste mura bhfuil Gaeilge á labhairt sa bhaile?

Modh teagaisc is ea fónaic a dhéanann soiléiriú ar an nasc idir fuaimeanna agus litreacha. Tugann na scileanna seo a leanas bunús maith do theagasc na fónaice: (1) tuiscint ar fhuaimeanna na teanga (2) a thuiscint gur féidir focail a bhriseadh síos ina bhfóinéimí (fuaimeanna níos giorra), agus gur féidir fóinéimí a chur le chéile le focal a dhéanamh astu, (3) an cumas chun litreacha a aithint.

Don chéad scil, caithfidh an páiste tuiscint a fháil ar fhuaimeanna na Gaeilge nach gcloistear i gcéad teanga an pháiste. Is féidir é seo a dhéanamh mar chuid de chlár oiliúna thuiscint fóineolaíochta. Is féidir cur leis an scil seo sa bhaile chomh maith le ríomhleabhair Ghaeilge agus cláir theilifíse TG4. Ní bhraitheann an dara agus an tríú scil ar thuiscint na teanga. Más féidir le do pháistí focail Bhéarla a bhriseadh síos ina bhfóinéimí, beidh siad in ann amhlaidh a dhéanamh le focail Ghaeilge. Cabhróidh cluichí focal (i dteanga an tí) a dhéanann cleachtadh ar bhriseadh síos na bhfocal le scileanna litearthacha an pháiste.