Do Pháiste Sa Naíonra

Apr 30, 2020

An bhfreastalaíonn do pháiste ar naíonra? Nó ar fhreastail siad ar cheann roimhe seo?

Tá Gaeloideachas ag uasdátú roinnt den ábhar atá againn do thuismitheoirí. Ar fhreastal páiste leat ar naíonra? Ba bhreá linn cloisteáil ó thuismitheoirí a bheadh sásta cúpla líne a roinnt linn maidir lena n-eispéireas agus na buntáistí a bhain le naíonra a roghnú dá gclann. Cén fáth a molfá naíonra do theaghlaigh eile agus cén t-eolas eile a bheadh luachmhar do thuismitheoirí agus iad ag roghnú seirbhís luathbhlianta dá bpáistí. Má tá scéal le roinnt agat, déan teagmháil le Ciara ciara@gaeloideachas.ie