Cluichí boird sa seomra ranga

Spreag comhrá as Gaeilge idir na daltaí le cluichí boird (cluichí cláir). Cleachtann siad sealaíocht, nó uainíocht, a dhéanamh agus nuair atá lá fliuch ann bíonn an-spraoi acu. Dar ndóigh tá slí cheart leis seo a chur i bhfeidhm i seomra ranga, agus slite eile nach...
Dathanna

Dathanna

Tá sraith fógrán nua ar fáil do scoileanna, do naíonraí agus do theaghlaigh. Is méid A3 na fógráin seo iad ach is féidir iad a chur i gcló ar A4 freisin dar ndóigh nó iad a roinnt le teaghlaigh mar cáipéisí PDF. Ar gach ceann acu tá ainm an dath go deas mór i lár an leathanaigh agus thart air tá íomhánna de rudaí leis an dath sin. Tá na híománna ainmnithe mar chabhair dosna daoine fásta i saol an linbh agus tá nasc MF beo go comhad fuaime an fhógráin; is féidir an nasc a oscailt le guthán/leac nó díreach le gliogáil air i PDF.

Neacha Scáfara

Neacha Scáfara

Is ceann desna féilte is mó ar Domhan ach ní thuigeann a lán daoine go bhfuil buíon mhór neach osnádúrtha in Éirinn réidh don Samhain. Aimsigh neach scáfar, scanrúil, scéiniúil as scéalta na nGael anseo. Dathaigh an íomhá, léigh an cur síos gonta, agus éist leis an gcomhad fuaime má tá tú calma go leor! Tá leabhrán A5 dár gcairde ar fad ann anois.