An Fáinne Folláine: Feabhas is féin-aire don mhúinteoir bunscoile

Sleamhnáin ó Thionól Forbartha 2023. Ceardlann phraiticiúil le Bairbre de Barra, Gealán Sláine & Folláine ag díriú ar straitéisí praiticiúla chun tacú leis an bhfoireann bhunscoile cúram a dhéanamh dá bhféin-aire, aithint struis, conas aireachas a chleachtadh agus eile. Cé go raibh an seisiún dírithe ar mhúinteoirí bunscoile, d’fhéadfadh duine ar bith leas a bhaint as an gcomhairle atá ann.

An Tairseach agus forbairtí ETIM Bunscoile

Sleamhnáin ó Thionól Forbartha 2023. Ceardlann ó Frank Ó Tormaigh agus Tríona Nic Fhinn, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, maidir leis an Tairseach agus forbairtí ETIM ag leibhéal na bunscoile. Bhí ábhar sa seisiún a bhí feiliúnach do leibhéal na bunscoile agus leibhéal na hiar-bhunscoile, araon, mar a bhain leis an Tairseach.

Cad iad na bealaí is éifeachtaí le tacú le sainmhúinteoirí iar-bhunscoile teanga a chomhtháthú ina gcuid ábhar? Cás-staidéar ar chur chuige déach: pleanáil agus forbairt ghairme.

Sleamhnáin ó Thionól Forbartha 2023. Ceardlann phraiticiúil ó Chaitlín Ní Ruanaidh, Coláiste Feirste, ar an FCÁT agus straitéisí praiticiúla a bhféadfadh le múinteoirí an teanga a chomhtháthú sna sainábhair ag leibhéal iar-bhunscoile. Roinntear cleachtais atá i bhfeidhm i gColáiste Feirste agus bealaí a thugtar tacaíocht do mhúinteoirí na scoile a gcuid Gaeilge féin a shaibhriú.

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ag Fás agus Forbairt: Bunú agus Buanú Ranganna Speisialta agus tacaíochtaí eile atá ar fáil don oideachas speisialta

Sleamhnáin ó Thionól Forbartha 2023. Seisiún eolais ó Mandy McGarvey, Bainisteoir Foirne, An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS/NCSE) maidir le bunú agus buanú ranganna speisialta agus na tacaíochtaí atá ar fáil ón CNOS ina leith. Tá an seisiún feiliúnach don bhunleibhéal agus iar-bhunleibhéal, araon.