Dathanna

Dathanna

Tá sraith fógrán nua ar fáil do scoileanna, do naíonraí agus do theaghlaigh. Is méid A3 na fógráin seo iad ach is féidir iad a chur i gcló ar A4 freisin dar ndóigh nó iad a roinnt le teaghlaigh mar cáipéisí PDF. Ar gach ceann acu tá ainm an dath go deas mór i lár an leathanaigh agus thart air tá íomhánna de rudaí leis an dath sin. Tá na híománna ainmnithe mar chabhair dosna daoine fásta i saol an linbh agus tá nasc MF beo go comhad fuaime an fhógráin; is féidir an nasc a oscailt le guthán/leac nó díreach le gliogáil air i PDF.

Fógráin ar Uirlisí Ceoil

Fógráin ar Uirlisí Ceoil

Tá sraith de chúig fhógrán ar ghléasanna ceoil atá lárnach i gceol Gaelach ar fáil saor in aisce dár mbaill. Is fógráin, nó póstaeir, A3 atá i gceist agus tá siad ar fáil le hordú anseo agus mar PDF anseo thíos freisin. an chláirseach an fheadóg stáin an fhidil an...

Frith-Mhaistíneacht

Seo áiseanna a chuidíonn le scoileanna frith-bhulaíocht a chur chun cinn i measc na ndaltaí. Nasctha leis an leathanach seo tá comhad zip le sé fhógráin fhrith-mhaistíneacht do bhunscoileanna; tá gach fógrán ar fáil mar JPG agus mar PDF. Tá siad ar fáil ar an...