Treoir Tacaíochta don Uathachas: Acmhainn d’Oideoirí ag Tacú le Foghlaimeoirí Uathacha san Oideachas Lán-Ghaeilge

Dírítear ar théamaí praiticiúla tríd an Treoir seo atá forbartha ag Gaeloideachas agus Ionad Uathachais Middletown, mar aon le príomhthréithe an uathachais agus tacaíochtaí chun cabhrú le páistí agus daoine óga uathacha bláthú sa naíonra nó ar scoil: Uathachas a thuiscint; Fobairt an dara teanga; Scileanna cumarsáide; Tacaíochtaí sa timpeallacht foghlama; Pleanáil don teagasc agus don fhoghlaim; Seicliosta don tumoideachas; Naisc agus acmhainní úsáideacha; Agus go leor eile!
Is í seo an t-aon Treoir don uathachas atá deartha go sonrach don suíomh lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus a thógann an suíomh uathúil tumoideachais/dátheangach agus an t-uathachas san áireamh, mar aon le riachtanais uathúla na múinteoirí agus na bpáistí is daoine óga uathacha. Beidh sé ar fáil mar PDF ar líne agus beidh sé i gceist é a nuashonrú agus a chur leis ar bhonn rialta de réir mar is cuí.

Insint Shóisialta: Má Mhothaím Feargach nó Trí Chéile

Is acmhainn ó Ionad Uathachais Middletown é seo. Úsáideann insintí sóisialta téacs agus íomhánna chun sainmhíniú a thabhairt ar a mbítear ag súil leis i gcás ar leith. Sa chás seo, dírítear ar rialú mothúchán agus straitéisí gur féidir leis an bpáiste nó duine óg a thriail má tá sé nó sí feargach nó trí chéile. Níl i gceist anseo ach sampla agus beidh sé i bhfad níos éifeachtaí má dhéantar oirúnú agus pearsanú air le go mbeidh sé in oiriúint do riachtanais uathúla an pháiste nó duine óig.

Leabhráin Dathúcháin

Leabhráin do leanaí óga le híomhánna le dathú agus iad ainmnithe i nGaeilge amháin: Lá Fhéile Bríde – tús an Earraigh; an Cháisc; Bealtaine – an Samhradh; an Nollaig.