
An Fómhar 🫐🍏🍂🌰🧑🌾🏫
Eolas faoi háiseanna ar líne a fheileann do mhúinteoirí, dhaltaí agus teaghlaigh; dánta, amhráin, físeáin, léitheoireacht, gníomhaíochtaí, eolas, seanfhocail agus nathanna cainte.
Eolas faoi háiseanna ar líne a fheileann do mhúinteoirí, dhaltaí agus teaghlaigh; dánta, amhráin, físeáin, léitheoireacht, gníomhaíochtaí, eolas, seanfhocail agus nathanna cainte.
Is sosanna gearra fisiciúla iad seo a d’fhéadfadh a bheith mar chuid de ghnáthlá an pháiste. Is píosa spraoi iad agus tacaíonn siad le páistí gluaiseachtaí a dhéanamh, ardaíonn siad leibhéal fuinnimh, bíonn sos i lár an lae dá bharr agus cuidíonn siad le páistí lena mothúcháin agus a bheith níos folláine. Is féidir sosanna gluaiseachta a dhéanamh laistigh agus lasmuigh araon agus is féidir le daoine fásta iad a dhéanamh chomh maith. Is bealach iontach é sos a thógáil go háirithe nuair a bhíonn daoine i mbun oibre ar líne agus ardú croí a thabhairt do gach duine cibé cén aois iad.
Tá sé mar chuspóir leis an bpáipéar seo ón ÚNM treoir phraiticiúil a thabhairt do Ranna agus chomhlachtaí poiblí maidir leis an teanga ba cheart a úsáid i ndáil le míchumas chun freastal ar bhealach measúil ar na téarmaí difriúla is fearr le daoine faoi mhíchumas. Is treoir an-úsáideach í do naíonraí agus scoileanna freisin le gluais a mhíníonn téarmaí coitianta agus gluais eile le cur síos ar téarmaí nár cheart a úsáid agus téarmaí malartacha molta ina n-áit.
Cártaí Gníomhaíochta Inchlóite agus Cleachtaí Samhlaithe Treoraithe do Leanaí de gach Aois ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí
Seo gníomhaíocht shimplí céadfaí do pháistí ag baint úsáide as an ealaín.