Aighneacht ag freagairt don chomhairliúchán ar Céim

Aighneacht a chuir Gaeloideachas isteach mar chuid den athbhreithniú ar Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí á riaradh ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Is é Céim beartas na Comhairle Múinteoireachta ina leagtar amach na caighdeáin atá riachtanach do chreidiúnú na gclár d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) in Éirinn, a chinntíonn go bhfuil céimithe incháilithe chun clárú mar mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile leis an gComhairle. I measc na réimsí a pléadh in aighneacht Gaeloideachas, bhí soláthar múinteoirí, múineadh na Gaeilge, ionchuimsitheacht agus ceangail idir na leibhéil. Dáta aighnithe: Márta 2026