Sceidil iniompartha: Ar dTús/Ansin agus Anois/Ina Dhiaidh Seo

Is sampla de thaca amhairc simplí é seo. Tá teimpléad iniompraíochta Ar dTús/Ansin ann atá forbartha ag Ionad Uathachais Middletown. Is féidir é a ghearradh amach agus a phearsanú do riachtanais an pháiste nó duine óig. Cuirtear tasc nó gníomhaíocht faoi leith i gcrích sula mbogtar chuig an gcéad tasc nó ghníomhaíocht eile.

Sceidil amhairc

Míníonn an acmhainn seo ó Ionad Uathachais Middletown cineálacha éagsúla sceideal amhairc agus conas iad a úsáid. Ina measc: sceidil ruda, sceidil TOBI, sceidil grianghraf, sceidil siombailí agus focal, agus sceidil scríofa.

Aistriú chun na Scoile: Coimeádáin agus Paicéid a Oscailt

Tugann an teimpléad físiúil seo ó Ionad Uathachais Middletown deis cleachtadh a dhéanamh ar chuid de na nithe a bhíonn ar fáil i mbosca lóin nó a thugtar an lón féin ann a oscailt. Cuirtear tic le gach ceann agus é déanta agus is féidir a fheiceáil cé mhéad atá fós le cleachtadh. Oibrigh ó chlé go deas le coimeádán críochnaithe le léiriú cén uair atá an tasc críochnaithe. Is féidir é seo a chur in oiriúint agus a phearsanú don pháiste aonair trí ghrianghraif nó phictiúr éagsúla a chur isteach.

An t-aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil: deiseanna, dúshláin agus dearcthaí.

Sleamhnáin ó Thionól Forbartha 2023. Ceardlann ar an aistriú chuig an iar-bhunscoil le Hilary Ní Chonchubhair, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Pádraig Ó Fionnmhúchán, Gaelcholáiste Mhic Shuibhne agus an Dr Róisín Ní Mhulláin, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Tá an cheardlann seo feiliúnach do mhúinteoirí bunscoile agus múinteoirí iar-bhunscoile, araon.