Insint Shóisialta: Má Mhothaím Feargach nó Trí Chéile

Is acmhainn ó Ionad Uathachais Middletown é seo. Úsáideann insintí sóisialta téacs agus íomhánna chun sainmhíniú a thabhairt ar a mbítear ag súil leis i gcás ar leith. Sa chás seo, dírítear ar rialú mothúchán agus straitéisí gur féidir leis an bpáiste nó duine óg a thriail má tá sé nó sí feargach nó trí chéile. Níl i gceist anseo ach sampla agus beidh sé i bhfad níos éifeachtaí má dhéantar oirúnú agus pearsanú air le go mbeidh sé in oiriúint do riachtanais uathúla an pháiste nó duine óig.

Tascanna Struchtúrtha: Treoir agus Samplaí Éagsúla

Is minic a bhíonn tascanna struchtúrtha agus ord de shaghas éigin á lorg ag daoine uathacha. Trí struchtúr a chur le tascanna súgartha, is féidir tacú le rannpháirtíocht agus an t-eispéireas a dhéanamh níos taitneamhaí do chách. Is féidir na samplaí seo ó Ionad Uathachais Middletown a úsáid freisin chun smaointe a fháil maidir le conas struchtúr a chur le tascanna súgartha eile.

Mo Leabhrán Sealaíochta

Is acmhainn amhairc shimplí é seo ó Ionad Uathachais Middletown chun na scileanna tábhachtacha a bhaineann le seal a ghlacadh a mhúineadh. Is féidir an teimpléad a íoslódáil, a phearsanú agus a oirúnú do riachtanais an pháiste nó duine óig trí ghrianghraif nó ainmneacha a chur leis. Tugann an acmhainn amhairc soiléiriú maidir le cé leis an imirt nó tasc. Is féidir tacaí a bhaineann le sealaíocht a úsáid chun idirghníomhaíochtaí agus comhráití idir piaraí nó siblíní a fheabhsú.

Insint Shóisialta: Ag Spraoi sa Chlós Súgartha

Is acmhainn ó Ionad Uathachais Middletown é seo. Úsáideann insintí sóisialta téacs agus íomhánna chun sainmhíniú a thabhairt ar a mbítear ag súil leis i gcás ar leith. Sa chás seo, dírítear ar na scileanna a bhaineann le bheith ag spraoi sa chlós súgartha.