Insint Shóisialta: Ag Spraoi sa Chlós Súgartha

Is acmhainn ó Ionad Uathachais Middletown é seo. Úsáideann insintí sóisialta téacs agus íomhánna chun sainmhíniú a thabhairt ar a mbítear ag súil leis i gcás ar leith. Sa chás seo, dírítear ar na scileanna a bhaineann le bheith ag spraoi sa chlós súgartha.

Insint shóisialta: Aire a thabhairt do pheataí

Is acmhainn ó Ionad Uathachais Middletown é seo. Úsáideann insintí sóisialta téacs agus íomhánna chun sainmhíniú a thabhairt ar a mbítear ag súil leis i gcás ar leith. Sa chás seo, dírítear ar na scileanna a bhaineann le haire a thabhairt do pheataí.

Sceidil iniompartha: Ar dTús/Ansin agus Anois/Ina Dhiaidh Seo

Is sampla de thaca amhairc simplí é seo. Tá teimpléad iniompraíochta Ar dTús/Ansin ann atá forbartha ag Ionad Uathachais Middletown. Is féidir é a ghearradh amach agus a phearsanú do riachtanais an pháiste nó duine óig. Cuirtear tasc nó gníomhaíocht faoi leith i gcrích sula mbogtar chuig an gcéad tasc nó ghníomhaíocht eile.

Sceidil amhairc

Míníonn an acmhainn seo ó Ionad Uathachais Middletown cineálacha éagsúla sceideal amhairc agus conas iad a úsáid. Ina measc: sceidil ruda, sceidil TOBI, sceidil grianghraf, sceidil siombailí agus focal, agus sceidil scríofa.

Spraoi le Lego: Túir Lego a Leagan

Is acmhainn é seo atá cruthaithe ag Ionad Uathachais Middletown le gníomhaíocht struchtúrtha spraíúil Lego ann. Tá níos mó taighde ná riamh á chur ar fáil a dhíríonn ar bhuntáistí féideartha a bhaineann le spraoi le Lego i dtimpeallacht thacúil do pháistí agus dhaoine óga néara-éagsúla, go háirithe mar a bhaineann le féinmhuinín, muinín, aird, cumarsáid, cairdeas agus folláine. Tá gníomhaíochtaí eile a bhaineann le Lego i Leabharlann Gaeloideachas freisin. Déan cuardach ar an bhfocal “Lego” le teacht orthu.