Is acmhainn ó Ionad Uathachais Middletown é seo. Úsáideann insintí sóisialta téacs agus íomhánna chun sainmhíniú a thabhairt ar a mbítear ag súil leis i gcás ar leith. Sa chás seo, dírítear ar na scileanna a bhaineann le haire a thabhairt do pheataí.

Is féidir go leor spraoi, grá agus bróid a bheith i gceist le peata a bheith ag duine. Baineann freagrachtaí agus scileanna éagsúla le haire agus cúram a thabhairt do pheataí freisin ar ndóigh – comhbhá, scileanna sóisialta, muinín, forbairt teanga, neamhspleáchas agus eile. Tá breis eolais agus pointí taighde a mhíníonn roinnt de na buntáistí a bhféadfadh a bheith ann do pháistí agus dhaoine óga uathacha má tá peata acu sa bhileog seo ó Middletown. 

Tá feasachán taighde dírithe ar Lego agus pheataí forbartha acu freisin atá lán le heolas agus taighde suimiúil anseo

File Type: pdf
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent
Tags: RSO | Special education, Uathachas | Autism