Sa cheardlann seo, roinnfidh Silvia Uí Sheanlaoich, Príomhoide Scoil Gharbháin, aistear na scoile leis an luath-thumoideachas iomlán a chur i bhfeidhm. Pléifear deiseanna agus dúshláin a bhain leis an bpróiseas, agus torthaí an aistir do phobal uile na scoile inniu. Roinnfidh Silvia na dea-chleachtais agus modheolaíochtaí éifeachtacha a aithníodh sa scoil maidir leis an luath-thumoideachas agus conas a chuirtear i bhfeidhm go praiticiúil iad ó chéim na pleanála go céim an teagaisc ó lá go lá.
Is Príomhoide bunscoile í Silvia Uí Sheanlaoich i Scoil Gharbháin, Gaelscoil i gCo. Phort Láirge. Tá cúig bliana de thaithí aici ag plé le luath-thumoideachas iomlán i suíomh scoile. In ainneoin go raibh luath-thumoideachas mar chleachtas sa scoil ó 1982, nuair a bunaíodh an scoil, is luath-thumoideachas iomlán atá mar chleachtas anois le cúig bliana anuas. Áitíonn Silvia go bhfuil rath ar an gcleachtas ó cuireadh tús leis agus toradh na hoibre le feiscint agus le cloisint i measc na ndaltaí. Tá Máistreacht bainte amach aici ar an ábhar freisin i gColáiste Mhuire gan Smál. Teideal an tráchtais a chuir sí isteach ná ‘Iniúchadh ar chur chuige éifeachtach chun an luath-thumoideachas iomlán a chur i bhfeidhm i mbunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ina raibh cleachtas eile ar bun iontu roimh ré.’ Ba mhór aici eispéireas an chleachtais a roinnt libh agus na céimeanna cuí a glacadh chun luath-thumoideachas iomlán a chur i bhfeidhm.