Focail d'amhráin curtha i PDFanna agus réidh le cur i gcló nó a scaipeadh go teaghlaigh le leanaí óga.

Is aoibhinn le leanaí a bheith ag canadh agus is slí dheas í foghraíocht agus foclóir a fheabhsú. Mar a deireann an seanfhocal bíonn dhá insint ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán agus níl anseo ach leaganacha atá ar eolas againn. Má tá leaganacha eile agaibh bígí i dteagmháil linn. Nuair atá físeán ar fáil againn d’amhrán osclóidh an cód/íomhá MF an físeán cuí ar ár gcainéal YouTube. Bíonn físeáin nua curtha ar fáil againn go rialta agus is fiú an cainéal a leanúint chun a bheith ar an eolas faoi na háiseanna nua sin. Seo thíos tá amhráin ar fáil mar PDF agus is féidir iad sin a chur i glcó do leanaí nó iad a sheoladh amach go teaghlaigh mar cheangaltáin nó mar naisc chuig an suíomh seo. Is féidir a bheith muiníneach as na leaganacha anseo agus na botúin a bhíonn le feiceáil ró-mhinic bainte díobh.

An bhfuil an leathanach 🎄 Amhráin na Nollag 👼 feicithe agat go fóill?

 

🇬🇧 Google Translate

File Type: www
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent