Thíos tá liosta d'áiseanna nasctha leis an gCáisc, idir dhánta, urnaithe, sheanfhocla, cháipéisí, leabhra agus fhíseáin.

Thíos tá liosta d’áiseanna nasctha leis an gCáisc.

Leabhrán dathúcháin don Cháisc.

Dréimirí Focla na Cásca (crosfhocal dosna hardranganna / iar-bhunscoil).

Dánta:

Bláthanna Beaga

Bláthanna beaga bána,
Bláthanna beaga buí,
Bainne bó bleachtáin,
Is sabhaircíní,
Cróch agus nóinín,
Lus an chromchinn,
Bláthanna beaga bána,
Agus bláthanna beaga buí.

An Cháisc

Léimeann na huain le háthas
Amuigh faoin spéir cois trá
Léimeann mo chroí le gliondar
Go bhfuil sé ina lá

Léimeann an lao le hocras
Trasna chuig an mbó
Léimeann an madra thar chlaí
Tá a fhios aige a threo

Léimeann an t-éan ar a neadsiopa
Le péist mhór dá gearrcach
Léimeann ár gcroíthe ar fad
An Samhradh ar an mbealach

Tonaí Ó Roduibh

Urnaithe / Paidreacha:

Ar Theacht na Cásca

Ar theacht na Cásca go raibh grásta Dé agat.
Ar theacht na Cásca go raibh grádh gach éinne agat.
Ar theacht na Cásca go raibh bárr an t-séin agat.
Is a chara mo chléibh sin duit mo ghuidhe.
Athas na Cásca go raibh agat coidhche
Solus na Cásca go raibh ar do shlighe.
Is a Chara mo cléibhe sin duit mo ghuidhe.

(bailithe i gCill Éinne, Árainn, do Bhailiúchán na Scol)

Seanfhocla:

Chomh dearfa agus atá an Cháisc ar an Domhnach.

Domhnach an Iúir is Satharn na Cásca,
Bíonn an ghrian ag rince le háthas.

Nollaig in aghaidh na míosa,
Cáisc in aghaidh na seachtaine,
Lá saoire gach re lá.

Oíche Inide gan feoil,
Lá Nollag Mór gan im,
Domhnach Cásca gan arán,
Sin é an bothán lom.

Leabhra:

File Type: pdf
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent