Déanfaidh an aoi-léacht seo cur síos ar pholasaí Rialtas na hÉireann maidir le múineadh na Gaeilge and múineadh trí mheán na Gaeilge i mbunscoileanna agus meánscoileanna na tíre idir 1922 agus 1972. Ba é polasaí an rialtais ag an am ná an Ghaeilge a athbhunú mar theanga dhúchais na tíre. Bhí sé mar aidhm ag an Roinn Oideachais an córas scoile a úsáid chun é seo a bhaint amach. Toisc go mbeadh ar gach scoil náisiúnta gach ábhar a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, chomh luath is a bheadh na múinteoirí cáilithe leis sin a dhéanamh, ní raibh aon ghá ag an am le Gaelscoileanna speisialta. Faraor, níor éirigh leis an aidhm a bhí ag an Rialtas in 1922 agus déanfaidh an léacht seo cur síos ar cad a tharla.
Is iar-ollamh oideachais í Áine Hyland i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá breis is daichead bliain de thaithí aici ag plé le hoideachas múinteoirí – bunmhúinteoirí agus múinteoiri meánscoile. Tá suim ar leith aici i stair an oideachais agus chomheagraigh sí trí imleabhar de dhoiciméid oifigiúla maidir le stair an oideachais in Éirinn. Bronnadh dhá dhochtúireacht oinigh uirthi mar aitheantas ar an méid a rinne sí don oideachas sa tír seo agus is ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann í.
Nótaí na haoiléachta: An Ghaeilge sa Chóras Oideachais in Éirinn: 1922-1972