Tá leabhrán deas foilsithe ag Gaeloideachas do naíonraí ar an Samhradh; áis álainn do naíscoileanna, naíolanna agus naíonáin freisin.
Ní mór do naíonraí ballraíocht a fháil agus an leagan clóite dár leabhrán Samhraidh a fháil saor-in-aisce. Táimid an-bhuíoch do na stiúrthóirí is múinteoirí naíonra a chur ábhar ar fáil dúinn don leabhrán, agus táimid cinnte go mbíonn deis agaibh leas a bhaint as na amhráin is na rannta istigh ann. Tá an leagan digiteach den leabhrán seo (agus na greamáin a théann leis) ar fáil ar líne anois agus is féidir la cách iad a íoslódáil saor in aisce:
- An Samhradh Sa Naíonra (Íoslódáil PDF)
- greamáin an tSamhraidh (Íoslódáil PDF)
Is dea-scéala go bhfuil na físeáin a théann leis an leabhrán ar fáil ar ár gcainéal ar YouTube. Bheimis buíoch dá scaipfeadh sibh iad go forleathan ar bhur múinteoirí, comhghleacaithe agus tuismitheoirí.
Tá na físeáin bailithe le chéile i seinnliosta ar YouTube agus ar fáil thíos:
- Rap an tSamhraidh: https://youtu.be/X_QIPLxUkVQ
- An Bhó https://youtu.be/LUkh7jlDBlY
- An Smugairle Róin https://youtu.be/SIgTCvX12sY
- Caisleán Gainimh https://youtu.be/7MeXmdy3pj8
- An Fharraige https://youtu.be/_QMWtHHasZg
- Tá Mo Shliabh ag Fanacht https://youtu.be/fwYjcS0oUzc
- Roille, Roille, Ráinne https://youtu.be/kiizC2_Cn6g
- Thíos ar an Trá (le Gaelbhratach) https://youtu.be/JFKPsh6RzV
Tuilleadh áiseanna do naionraí, naíonáin agus teaghlaigh le clann óg ar www.GaeilgeDonNaionra.ie agus tá leathanach iomlán againn ar an suíomh seo le naisc go háiseanna ar líne Samhradh na nGael ☀️ Bealtaine, Meitheamh, Iúil.