Seimineár ar líne le Silvia Uí Sheanlaoich (Scoil Gharbháin, Dún Garbhán) agus Éamon Catterson (Scoil Naomh Bríd, Na Dúnaibh) ag labhairt faoina dtaithí le Beatha Teanga.
Seimineár ar líne le Silvia Uí Sheanlaoich (Scoil Gharbháin, Dún Garbhán) agus Éamon Catterson (Scoil Naomh Bríd, Na Dúnaibh) ag labhairt faoina dtaithí le Beatha Teanga.
Is í sprioc Beatha Teanga ná dearcthaí dearfacha agus gníomhartha a spreagadh i measc phobail na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chuirfidh le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga na cumarsáide, an spraoi agus an tsóisialaithe. Ag tosú in Eanáir 2022 d’úsáid grúpa de scoileanna Beatha Teanga mar thacaíocht dóibh agus iad ag cur Gaeilge chun cinn mar theanga labhartha phobal na scoile. Labhair an bheirt príomhoidí thuas luaite as an ngrúpa sin faoi conas a thug a bhfoirne scoile faoi Beatha Teanga agus na torthaí a bhain siad as.
Príomhphointí an tseimineáir:
*Beatha Teanga
*Beartas Labhairt na Gaeilge
*Fís na scoile
*Foireann na scoile agus pleananna a chruthú
*Féin Mheastóireacht Scoile
*Coiste Gaeilge
*An Ghaeilge sa gclós
*Polasaí don Oideachas Gaeltachta
Tá na sleamhnáin as an seimineár ar fáil ón leathanach seo mar PDF agus tá taifead an tseimineáir ar fáil mar fhíseán ar ár gcainéal ar YouTube.
