Acmhainn shimplí a bhféadfaí a úsáid chun páistí agus daoine óga a spreagadh le smaoineamh ar bhealaí le féinchúram a thabhairt dóibh féin. Forbartha i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism.
Spreagfaidh an acmhainn seo na páistí agus na daoine óga le bheith ag smaoineamh maidir leis an méid is féidir leo a dhéanamh dá gcorp agus dá n-aigne. Is féidir leo machnamh a dhéanamh ar na rudaí a oibríonn dóibh. I measc na smaointe a d’fhéadfaí a bheith acu tá — éisteacht le ceol, folcadh a bheith acu, am a chur ar leataobh do chaitheamh aimsire nó bia folláin a ithe. D’fhéadfadh an acmhainn seo cabhrú le roinnt tuismitheoirí agus le foireann na scoile maidir lena gcuid féinchúraim!
Bíonn Meán Fómhair ina mhí ghnóthach do pháistí agus do dhaoine óga araon. Bíonn na laethanta gnóthach leis an scoil, obair bhaile agus gníomhaíochtaí eile. Bíonn sé deacair am a fháil don fhéinchúram, cé go mbíonn sé níos tábhachtaí ná riamh nuair a bhíonn na laethanta an-ghnóthach. D’fhéadfaí an acmhainn seo a úsáid ag tús na scoilbhliana le daltaí a spreagadh bheith ag smaoineamh ar bhealaí le haire a thabhairt dóibh féin le linn na scoilbhliana.
Tá leagan Béarla ar fáil ar shuíomh Middletown.