Cluiche a bhféadfaí a úsáid chun ardú féinmheasa agus muiníne a chothú i measc páistí agus daoine óga uathacha. Forbartha i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism.
Tá sé tábhachtach féinmheas a chothú i measc páistí mar go gcabhraíonn sé leo a gcuid cumas a fheiceáil agus meas a bheith acu orthu, tugann sé ardú muiníne dóibh agus cuireann sé le sonas iomlán an pháiste. Spreagann Smaointe Dearfacha na himreoirí chun cártaí dearbhaithe a phiocadh suas agus iad ag bogadh timpeall an chláir. Spreagtar iad chun smaointe agus mothúcháin shona a roinnt. D’fhéadfadh struchtúr agus gnéithe amhairc an chluiche cur lena mhealltacht i measc páistí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu.
File Type:
pdf
Categories:
Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Sa bhaile | Use at home, Tuismitheoir | Parent