Spreag comhrá as Gaeilge idir na daltaí le cluichí boird (cluichí cláir). Cleachtann siad sealaíocht, nó uainíocht, a dhéanamh agus nuair atá lá fliuch ann bíonn an-spraoi acu. Dar ndóigh tá slí cheart leis seo a chur i bhfeidhm i seomra ranga, agus slite eile nach mbeidh toradh orthu ach achrann agus bruíon. Thíos tá moltaí ann bunaithe ar thaithí i seomraí ranga.

  • Roghnaigh cluichí atá feiliúach don rang ar fad; ní mór do réimse a bheith ann ó héasca go dúchánach go leor agus cinn do bheirt agus do níos mó imreoirí.
  • Imir na cluichí tú féin agus cruthaigh bileoga dóibh leis na rialacha/treoracha agus an teanga atá de dhíth d’imreoirí; muna bhfuil bileog ann thíos don chluiche sin cheana féin. 
  • Eagraigh áit taisce atá díreach i gceart dosna boscaí nuair atá siad curtha ann go deas sláchtmhar; áit atá furasta do dhaltaí iad a fháil gan chur isteach ar an rang má tá cead ag luath-chríochnóirí cluichí a thógáil amach. Go minic is seilp i gcófra atá i gceist ach déanann bosca mór nó cliathbhosca an chúis freisin.

 

Cluichí le moladh:

Liosta Siopadóireachta (Orchard Toys)
Cluiche cuimhne atá ar fheabhas le foclóir earraí tí a chleachtadh: anlann curaí; arán, builín maide; arracht bréige, teide / teidí; bainne, buidéal bainne; bananaí; cáis; circeoil / sicín; cluiche; glóthach chithfholctha / gló cheatha, foltfholcadh; gránach (bricfeasta); iógar / iógart; ispíní; leabhar; meacain dhearga / cairéid; oráistí; piobair / piobair phaite; píotsa; pónairí dearga / pónairí bácáilte – canna pónairí; rollaí páipéar leithris; smúdar níocháin / púdar níocháin, gallúnach don inneall níocháin; spaigití; stocaí; sú oráiste; sútha talún; taos fiacla; taoschnónna; trátaí; tuinnín; ubhthorthaí; uibheacha, gogaithe; uisce, buidéal uisce; úlla. Faigh bileog foclóra nasctha le comhad fuaime anseo. 

Cén t-am é, a Mhac Tíre? (Orchard Toys)

Contrárthachtaí Feirme (Orchard Toys)
Cluiche deas furasta le 24 lánchontrárthacht a chur le chéile bunaithe ar íomhánna ón bhfeilm agus ar na focla ar na cártaí leathchontrárthacht: ard –  beag; ard – íseal; barr – bun; beag – mór; brónach – sona; catach – díreach; ciúin – ard; deireanach – an chéad; éadomhain – domhain; fuar – te; glan – salach; i mo dhúiseacht – i mo chodladh;  i ngar – i bhfad;  istigh – lasmuigh; lá – oíche; lán – folamh; le chéile – scartha; mall – tapaidh; mór – beag; oscailte – dúnta; sean – óg; thar – faoi; tirim – fliuch; tosach – cúl; trom – éadrom. Ar fáil ag An Siopa Gaeilge.

Biongó Bia (Séideán Sí)
Tá sé chárta is tríocha, agus a lán licíní, sa mbosca le tabhairt ar na daltaí ar fad sa seomra ranga ach is féidir le grúpaí níos lú ná sin biongó a imirt le chéile arnó.

Biongó Éadaí (Séideán Sí)
Mar an gcéann leis an mBiongó Bia tá sé chárta is tríocha, agus a lán licíní, sa mbosca le tabhairt ar na daltaí ar fad sa seomra ranga ach is féidir le grúpaí níos lú ná sin biongó a imirt le chéile.

Cluichí Focal – Sa Bhaile (Séideán Sí)
Áis iontach atá le moladh.

Scrabble (Glór na nGael) – dhá leagan ar fáil
Leagan Junior do leanaí 5bl+ agus an leagan eile dóibhsan 10mbl+ d’aois.

Monopoly (Glór na nGael) – dhá leagan ar fáil
Leagan Junior do leanaí cúig bliana d’aois agus níos sine.

Dúradáin
Faigh treoracha mar cháipéis le cló agus lannán a dhéanamh uirthi anseo.

Táiplis Bheag
Cluiche cláir atá ar eolas ag beagnach gach duine fásta agus an-furasta le múineadh do leanaí ón naíonra ar aghaidh. É sin ráite ná toimhdigh go bhfuil an cluiche seo feicthe ag na daltaí ar fad i do rang; is mór an trua é ach tá an iomarca leanaí ann anois nach mbíonn deis acu cluichí boird a imirt sa mbaile. Ceann desna buntáisí a bhaineann leis an gcluiche seo ná go bhfuilimid in ann an clár fichille a úsáid agus go bhfuil sé an-furasta teacht ag rudaí le húsáid mar licíní. Cé go bhfuil an clár 8×8 an-choitianta in Éirinn is an clár 10×10 a roghnaíodh do leagan idirnáisiúnta. Tá foclóir dosna himreoirí anseo le cló agus a chur i ngach mbosca.

Táiplis Mhór
Ceann desna cluichí cláir is mó ar an domhan thar na céadta bliain agus an-oiriúnach do leanaí óga ar chumas measctha mar gheall ar thionchar na ndíslí. Faigh foclóir agus treoracha mar cháipéis le cló agus lannán a dhéanamh uirthi anseo.

Ficheall
Ceann desna cluichí boird is forleithne agus is sine ar an domhain. Faigh foclóir agus treoracha mar cháipéis le cló agus lannán a dhéanamh uirthi anseo.

Nathracha Is Dréimirí
Cluiche cláir atá deas éasca le himirt a tháinig ón Ind go hEoraip ag deireadh an 19ú haois. Faigh foclóir dosna daltaí mar cháipéis le cló agus lannán a dhéanamh uirthi anseo.

Cé Mise?
Tomhais cé atá ann bunaithe ar cheisteanna curtha faoin gcuma atá ar an duine atá faoi cheilt sa gcluiche bacainne seo. Is féidir le beirt an cluiche a imirt nó leaganach eile a imirt nuair atá duine amháin mar fhreagróir. Faigh foclóir agus ceisteanna áisiúla d’imreoirí mar cháipéis le cló agus lannán a dhéanamh uirthi anseo.

Go Tóin Poill! / Muirchath
Aimsigh loingeas do namhad agus cuir go tóin poill iad. Bileog le foclóir don chluche anseo.

 

Foclóir do cluichí:

  • Seal – Is é mo sheal anois, nach ea?
  • Clár – Cuir an clár cluiche ar an mbord seo.
  • Licín – An bhfuil na licíní ar fad ann? Cén dath is fearr leat? Cuirfidh mé na licíní amach ar an gclár cluiche.
  • Cnaipe – Cosúil le licín ach níos tuibhe.
  • Cluiche / cluife, cluichí / cluifí.
  • Dísle, díslí.
  • Tosú / tosnú – Cé atá ag tosú? Is é an duine is óige a thosaíonns go hiondúil.
  • Tús – Tús maith, leath na hoibre. Bíonn gach tús lag.
  • Ádh – Ádh mór ort / ar gach duine. Bhí an t-ádh orm / ort ansin. Mí-ádh, ach beidh lá eile ag an bPaorach.
  • Rialacha agus treoracha – Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceadaithe, is féidir linn na rialacha / treoracha a léamh arís nó ceist a chur ar an múinteoir.
  • Imirt – Tá tú ag dul go maith faoi láthair, tá súil agam go mbeidh an bua agam ag an deireadh.

 

 

 

 

Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher