Tráthnóna 31 Eanáir in Óstán An Hodson Bay, Condae Ros Comáin a reáchtáladh Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2022. Ba iad Coláiste Pobail Ráth Chairn, Coláiste Eoin (BÁC), Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin Na Ceathrún Rua na foirne sóisir a bhí ag plé ‘Ba cheart dúinn ár gcuid laethanta saoire a chaitheamh in Éirinn in 2022’. Bhí ceithre fhoireann shinsearach; ó na scoileanna Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Coláiste Chroí Mhuire An Spidéil, Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Coláiste Pobail Ráth Chairn; ag plé ‘Tá éacht déanta ag Teilifís RTÉ le 60 bliain anuas.’ Thóg na foirne as an gCeathrú Rua an dá chraobh na hÉireann siar leo ag deireadh na hoíche agus comhghairdeachas leo!

tuilleadh eolais faoi Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain ar an suíomh Gael-Linn.ie

 

File Type: www
Categories: Ar scoil | Use in school, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher
Tags: Gaeloideachas, Gaeltacht