Roinnt desna rainn agus dánta seo ar fáil ar ár seinnliosta seo ar Youtube, ar PDFanna maisithe agus mar chuid dár leabhráin dathúchain don Nollaig. Tuilleadh smaointe do cheachtanna ar fáil ar ár leathanach d’áiseanna don Nollaig.
Máinséar Beag 👼
Máinséar beag,
bunóc ina luí,
sin é Íosa,
mo chomrádaí.
Tháinig Deaide na Nollag 🎅🎁
Tháinig Deaide na Nollag.
Ní fhaca mise é.
Fuair mé a lán bréagán.
Hip-hip-huiré!
Tá An Nollaig Anseo 👼👑
Tá an Nollaig anseo, a haon, dó, trí
Is rugadh an leanbh Íosa sa mháinséar ina luí
Bhí Muire is Iósaf ann agus na Trí Rí
Mar rugadh an leanbh Íosa sa mháinséar ina luí
An Spideog ❤️🎶
Chonaic mise spideog,
ar chúl an tí inné.
Bhí ocras ar an éinín,
mar bhí sioc istigh sa chré.
Thug mé píosa aráin di,
deoch uisce agus min.
Bhí áthas ar an spideog,
agus chan sí port bog binn.
Deaide na Nollag 🔔🎅
A haon, a dó.
A haon, a dó, a trí.
An gcloiseann tú
ceol na gcloigíní?
A trí, a cheathair.
A cúig, a sé.
Deaide na Nollag!
Hup, hup, huiré!
Calóga Sneachta ❄️🌨️❄️
Calóga sneachta ag titim, ag titim, ag titim,
calóga sneachta ag titim, ag titim as an spéir.
Brat bog bán ar an talamh, an talamh, an talamh,
brat bog bán ar an talamh, nach deas an brat bog é?
Calóga sneachta ag titim, ag titim, ag titim,
calóga sneachta ag titim, ag titim as an spéir.
Fear Sneachta Mór ☃️
Tá srón dheas dhearg orm,
hata ar mo cheann,
tá píopa i mo bhéal,
ach níl tabac ar bith ann.
Tá scaif ar mo mhuineál,
scuab i mo lámh chlé.
An bhfuil a fhios agat cé mise?
Is fear sneachta mór mé!
An Sneachta Ag Titim 🌨️
Tá an sneachta ag titim,
ag titim ón spéir.
Tá sneachta ar an gnoc,
agus sneachta ar an bhféar.
Féach ar an leanaí,
ag súgradh sa ngleann,
ag rith is ag léimt
le spórt is le greann.
Sneachta ❄️
Áthas ar na leanaí,
gliondar ar gach croí
Calóga boga bána
ag rince ins an ghaoth.
Meallta móra sneachta
ag eitilt ins an aer.
Gáire agus glaoch
ó na leanaí go léir.
Nach deas í an tuath
lena brat bog bán,
ina codladh go sámh
faoi sneachta geal glan.
le Tonaí Ó Roduibh
PDF maisithe le comhad fuaime nasctha
Fear Beag Ramhar 🎅
Fear beag ramhar,
féasóg bhán,
cóta dearg,
mála lán.
Réinfhia rua,
sleamhnán beag,
cling, cling, cling,
sin an clog.
Tá Deaide Na Nollag Ann 🎅
Féach Deaide na Nollag.
Sin é, sin é.
Aon cheann amháin,
Dhá chois fé.
Cóta dearg air.
Hata bán.
Bréagáin dheasa
Agus mála lán.
Cuairt Ar Shan Nicolás 🎅
Chroith mé lámh leis,
shuigh mé ar a ghlúin.
D’inis mé m’ainm dó,
agus lig mé mo rún.
D’éist sé go geanúil,
is nuair a sméid sé a cheann,
bhí a fhios agam go cinnte
go mbeadh bronntanas deas ann.
bunaithe ar dhán le Treasa Ní Ailpín
Daidí Na Nollag Ag Teacht 🎅🧦
Tá an Nollaig buailte linn,
tá áthas san aer.
Tá sneachta ar an talamh,
tá réaltaí sa spéir.
Táimid ag dul a chodladh,
is tá ár stocaí réidh.
Tá Daidí na Nollag ag teacht
anuas an simléar.
San Nicolás 🎅
San Nicolás, San Nicolás,
thuas ar an teach.
Déan deifir, déan deifir,
déan deifir isteach.
Oscail do mhála,
do mhála mór lán,
is líon suas mo stoca,
le cúpla bréagán.
Dán Nollag 👼
I stábla i mBeithil
Mainséar sínte
Bhí leanbh aoibhinn
Cuachta in eadaí bána
Gan teas, gan dídean
Ó fhuacht na hoíche ann
Ach anáil caora
Asal is dámh
Rí na Ríthe
(A) bhí sa mainséar sínte
Muire na hóighe
B’í a mháthair
Beannacht na díse
Ar do theach agus daoine
Nollaig aoibhinn agat
Séan is áthas.
le Maitiú Ó Maoláin, Árainn
Oíche Nollag ❄️🌨️❄️👼
Oíche Nollag bhí an spéir spéir-gheal
glan gan smúid ná néal
Idir a haon agus a dó
tháinig an sneachta mar an cheo
Idir a dó agus a trí
bhí an sneachta go trom ina luí
Dhúisigh na daoine as a gcodladh
agus féach rompu brat na Nollag!
An Té gur scar an brat sin fúinn
go dtuga sé Nollaig aoibhinn dúinn
le Dubhglas de hÍde (An Craoibhín Aoibhinn)
Dán d’Oíche Nollag 👼
Dia do bheatha a naí naoimh
Sa máinséar cé taoi bocht
Meidhreach saibhir atá tú
Is glórmhar id dhún féin anocht
A naí bhig atá mór
A linbh óig atá sean
Sa mainséar níor cuireadh (a) lán
Cé nach bhfaigheadh áit ar neamh
Amhráin Diadha Chúige Connacht (1896)
bunaithe ar dhán le hAodh Mac Cathmhaoil (Aodh Mac Aingil)
* rann – rainn nó rannta? Nuair atá an t-iolra ar rann mar cheathrú, véarsa nó stéibh d’amhrán atá i gceist is rainn an t-iolra ceart. Tá ranta ann mar iolra ach le ciall eile. Mar sin féin, téann rannta go deas le dánta ar an gcluas mar gheall ar an uaithne, nó chomhfhoghar, ag an deireadh.