Tá sraith fógrán nua ar fáil do scoileanna, do naíonraí agus do theaghlaigh. Is méid A3 na fógráin seo iad ach is féidir iad a chur i gcló ar A4 freisin dar ndóigh nó iad a roinnt le teaghlaigh mar cáipéisí PDF. Ar gach ceann acu tá ainm an dath go deas mór i lár an leathanaigh agus thart air tá íomhánna de rudaí leis an dath sin. Tá na híománna ainmnithe mar chabhair dosna daoine fásta i saol an linbh agus tá nasc MF beo go comhad fuaime an fhógráin; is féidir an nasc a oscailt le guthán/leac nó díreach le gliogáil air i PDF.

  • Bán ⚪ scamall bán, léine bhán, tigín bán, fear sneachta, peil bhán, uachtar reoite, bainne, béar bán, meall sneachta 🔊 Comhad Fuaime mp3.
  • Buí 🟡 buíóg, an Ghrian, meantán gorm, arbhar sa dias, ór (chomh buí le hór), líomóid, lus an chromchinn, sliotar, fearbán 🔊 Comhad Fuaime mp3.
  • Dearg 🔴 silíní dearga, hata Nollag dearg, béaldath dearg, beola dearga, sú talún aibí, soilse tráchta, solas dearg, tráta dearg, úll dearg, croí 🔊 Comhad Fuaime mp3.
  • Donn 🟤 seacláid, caiscín / arán donn, cnónna Gaelacha, láib (chomh donn le láib Ros Comáin), buachaill donn, capall donn, duilleog dhonn, buaircín 🔊 Comhad Fuaime mp3.
  • Dubh ⚫ hata biorach gorm, bóthar, lon dubh, pic (chomh dubh le pic), ciaróg, peann luaidhe daite dubh, ciota dubh / séibe dhubh / muga dubh, cat dubh, gual 🔊 Comhad Fuaime mp3.
  • Flannbhuí (dath oráiste) 🟠 cuachóg fhlannbhuí, puimcín flannbhuí, bratach na hÉireann, oráiste, bratach Chondae Ard Mhacha, seadóg 🔊 Comhad Fuaime mp3.
  • Glas 🐀🌲 cú glas, cóta glas, gluaisteán glas, francach / luchóg mhór, asal, iora glas, rón glas, cat glas riabhach, crann Nollag, páirc imeartha / faiche, duilleog ghlas 🔊 Comhad Fuaime mp3.
  • Gorm 🔵 cailc ghorm, spéir ghorm, míol mór gorm, coinnle corra, meantán gorm, bratach Chondae Átha Cliath, cáis ghorm, eitleog ghorm, an fharraige mhór, liathróid ghorm 🔊 Comhad Fuaime mp3.
  • Liath 👵 fear liath, peann luaidhe daite liath, colúr, piscín liath riabhach, bean liath, luchóg / luch, glasóg liath, pearóid liath, feannóg / caróg liath, ceo, cochall liath, chomh liath le broc 🔊 Comhad Fuaime mp3.
  • Rua 👩‍🦰 iora rua, fia rua, buachaill rua, an rí rua, piscín (rua) riabhach, cailín rua, breac rua, sionnach / madra rua, bonn rua 🔊 Comhad Fuaime mp3.
  • Uaine 🟢 bus uaine, léine uaine, stocaí uaine, crián uaine, péint uaine, soilse tráchta, solas uaine, bosca poist, bratach na hÉireann 🔊 Comhad Fuaime mp3.

 

Moltaí:

  • Taispeán fógrán ar an scáileán mór agus tabhair deis don rang na rudaí a ainmniú.
  • Spreag na tuistí an PDF a fháil agus cleachtadh a dhéanamh sa mbaile; bí cinnte iad a chur ar an eolas go bhfuil siad in ann an comhad fuaime a oscailt le gliogáil ar an nasc MF.
  • Nuair atá roinnt fógrán clúdaithe leis an rang is féidir leis na daltaí cluiche tomhaise a dhéanamh, i bhfoirne nó mar iomaitheoirí aonair:
    • Déan cur síos ar rud amháin gan é a ainmniú ná an dath a lua
    • Scéal a chruthú bunaithe ar na rudaí atá le feiceáil ar fhógrán amháin, pointe do gach rud luaite
    • Chluiche cuimhne – ainmnigh gach rud atá ar fhógrán atá curtha as radharc

 

Free posters on different colours in the Irish language Gaeilge. Suitable for use in preschool, school and home with parents. Sound files naming the different objects in the colour images open via QR codes.

Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Dátheangach | Bilingual, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Póstaer | Poster, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent
Tags: Gaeltacht, Stór focal | Vocab, Tumoideachas | Immersion
fógrán   bán 400p