These booklets will help parents improve their Irish vocabulary so they can integrate more Gaeilge into family life. Using even a limited amount of Irish words shows respect for the language your children are learning. QR codes that connect to sound files and a handy guide to the easy pronunciation of Irish are in this new version; have a look at our phonics page too. You can download a PDF of the school age version here on this page to the right and the newly created version for families with preschoolers is available here. It’s easy to do, bí linn! 

Tá na leabhráin seo dírithe ar dhaoine a bhfuil a gclann ag freastal ar naíonra nó ar scoil lán-Ghaeilge. Tá siad lán le habairtí simplí úsáideacha a bhféadfaí a shní isteach i do shaol theaghlaigh. Tá go leor buntáistí ag baint leis an nGaeilge a úsáid sa bhaile agus is cinnte go gcabhróidh moladh agus spreagadh uait féin le do ghasúr éirí níos muiníní sa teanga. Má fheiceann do chlann go bhfuil tusa díograiseach agus dearfach i leith na teanga, beidh an meon céanna acu. Bíonn muid i gcónaí ag cur lenár bhfoclóir i ngach teanga atá againn agus is múnla iontach a thaispeáint dár leanaí – is eochair feasa foghlaim. Tá tuilleadh tacaíocht ar fáil i measc ár seinnliosta ar Youtube, an cuntas ar X, leathanach ar fhuaimeanna agus litreacha na Gaeilge agus rogha iontach de bhileoga dathúcháin do leanaí óga nasctha le comhaid fuaime. Bain triail as!

Ordaigh leagan clóite

leagan Úcráinis – Gaeilge ar fáil freisin.

 

File Type: pdf
Categories: Bunscoil | Primary, Cló | Print, Dátheangach | Bilingual, Iar-bhunscoil | Post-primary, Le n-ordú | Available to order, Leibhéal | Level, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Tuismitheoir | Parent
Tags: Aistriú | Transitions, Gaeloideachas, Stór focal | Vocab, Tumoideachas | Immersion