Leabhrán frásaí A5 do thuismitheoirí

A5-size phrasebook for parents

Tá an leabhrán seo dírithe ar thuismitheoirí agus chaomhnóirí a bhfuil a gclann ag freastal ar naíonra nó ar scoil lán-Ghaeilge. Tá sé lán le frásaí simplí úsáideacha a bhféadfaí a úsáid sa bhaile leis an teanga a shní isteach sa saol laethúil. Tá go leor buntáistí ag baint leis an nGaeilge a úsáid sa bhaile agus is cinnte go gcabhróidh moladh agus spreagadh uait féin le do ghasúr éirí níos muiníní sa teanga. Má fheiceann do pháiste go bhfuil tusa díograiseach agus dearfach i leith na teanga, beidh an meon céanna aige nó aici. Bíonn muid i gcónaí ag cur lenár bhfoclóir i ngach teanga atá againn agus is múnla iontach a thaispeáint dár leanaí – is eochair feasa foghlaim. Tá seinnliosta ar Youtube do Déan Comhrá agus bíonn muid ag cur leis na físeáin ansin go rialta. Bain triail as!

Ordaigh leagan clóite

 

File Type: pdf
Categories: Bunscoil | Primary, Cló | Print, Dátheangach | Bilingual, Iar-bhunscoil | Post-primary, Le n-ordú | Available to order, Leibhéal | Level, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Tuismitheoir | Parent
Tags: Aistriú | Transitions, Gaeloideachas, Stór focal | Vocab, Tumoideachas | Immersion