Suantraí, nó seoithín seó, dheas shuaimhneach atá nasctha leis An Rinn, Condae Na nDéise.

Éiníní, éiníní,
Codalaígí, codalaígí
Éiníní, éiníní,
Codalaígí, codalaígí.

curfá:
Codalaígí, codalaígí
Cois an chlaí amuigh
Cois an chlaí amuigh
Codalaígí, codalaígí
Cois an chlaí amuigh,
Cois an chlaí amuigh.

An lon dubh is an fiach dubh,
Téigí a chodladh, téigí a chodladh
An chéirseach is an préachán,
Téigí a chodladh, téigí a chodladh.

(Curfá)

An spideog is an fhuiseog
Téigí a chodladh, téigí a chodladh
An dreoilín is an smóilín,
Téigí a chodladh, téigí a chodladh.

(Curfá)

Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent
Tags: Stór focal | Vocab