Ласкаво просимо до Ірландії | Fáilte go hÉirinn. Leabhrán dátheangach Gaeilge Úcráinise ó Outside the Box le nótaí do mhúinteoirí.
Dearadh an leabhrán dátheangach seo chun tacú le múinteoirí cuidiú le paistí atá díreach tar éis teacht ón Úcráin le go mothóidís sábháilte, suaimhneach, dóchasach agus nasctha, chomh maith le deiseanna a thabhairt dóibh iad féin a chur in iúl. Tá sé mar aidhm ag na gníomhaíochtaí deis a thabhairt do pháistí machnamh a dhéanamh ar a láidreachtaí, ar na rudaí a thaitníonn leo agus ar a gcuid caitheamh aimsire agus iad a roinnt lena múinteoir nua (agus le daltaí eile, más mian leo).
Seans gur mhaith le Tuismitheoirí/Caomhnóirí/Cúramóirí na gníomhachtaí a phlé lena bpáistí chun deiseanna sa bhreis a thabhairt dóibh a gcuid smaointe agus mothúchán a chur in iúl. Tá an learbhán gníomhaíochtaí ar fáil ar dheis agus tá breis eolais ar fáil anseo.
CÓIPEANNA SAOR IN AISCE: Is féidir le scoileanna cóipeanna clóite den leabhrán a ordú saor in aisce dá bpáistí ón Úcráin tríd an bhFoirm Iarratais ar Leabhrán In Aisce a líonadh isteach ANSEO nó trí ríomhphost a sheoladh chuig: Ucrain@otb.ie
TREOIR DO MHÚINTEOIRÍ: Moltar gur cheart do mhúinteoirí a úsáideann an leabhrán seo tagairt a dhéanamh do Notaí an Mhúinteora a ghabhann leis an leabhrán.
Ця книжечка створена для вчителів щоб допомогти новоприбулим діткам почуватися у безпеці, спокійно та надійно, а також дати можливість їм проявити себе. Батьки/опікуни/піклувальники можуть обговорювати завдання з дітками, допомагаючи їм виражати свої думки та відчуття.