Amhráinithe ó gach cearn sa tír ag canadh an t-amhrán Fáinne Geal An Lae. Na liricí ar fáil mar fho-theidil.

Focla an amhráin:

Maidin moch do ghabhas amach,
ar bhruach Locha Léin;
An Samhradh ‘g teacht ′s an chraobh len’ais,
is lonnrach te ón ngréin.
Ar theaisteal dom trí bhailte poirt
is bánta mine réidhe,
cé a gheobhainn le m’ais ach an chúileann d(h)eas,
le fáinne geal an lae.

Ní raibh bróg na stoca, caidhp ná clóc;
ar mo stóirin óg ón spéir,
ach folt fionn órga síos go troigh,
ag fás go barr an fhéir.
Bhi calán crúite aici ina glaic,
‘s ar dhrúcht ba dheas a scéimh,
do rug barr gean ar Bhéineas deas,
le fáinne geal an lae.

Do shuigh an bhrídeog síos le m′ais,
ar bhinse ghlas den fhéar,
ag magadh léi bhíos dá maíomh go pras,
mar mhnaoi ná scarfainn léi.
‘Sé duirt íi liom, “imigh uaim,
is scaoil ar siúl mé, a réic”,
Sin iad aneas na soilse ag teacht,
Le fáinne geal an lae.

Maidin moch do ghabhas amach,
ar bhruach Locha Léin;
An Samhradh ‘g teacht ′s an chraobh len’ais,
is lonnrach te ón ngréin.
Ar theaisteal dom trí bhailte poirt
is bánta mine réidhe,
cé a gheobhainn le m’ais ach an chúileann d(h)eas,
le fáinne geal an lae.

 

 

File Type: www
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher