An bhfuil tú ag smaoineamh ar chur isteach ar phost i mbunscoil lán-Ghaeilge nó Ghaeltachta i mbliana? Tá go leor deiseanna ann! 

Ar thuig tú go bhfuil timpeall 300 bunscoil a chuireann oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil? Bíonn na scoileanna seo ag lorg múinteoirí, príomhoidí, cúntóirí riachtanais bhreise, agus rúnaithe an t-am ar fad. Tapaigh an deis le bheith mar chuid de phobal bríomhar atá ag fás agus ag forbairt!  

Tá cur i láthair iontach curtha le chéile ag Aisling Uí Fhéich, Príomhoide i nGaelscoil na Fuinseoige, le go leor leideanna úsáideacha do mhúinteoirí a bhfuil suim acu iarratas a dhéanamh ar phost i nGaelscoil. Tá sé lán le heolas úsáideach maidir leis an iarratas agus maidir leis an agallamh a bheadh ina chúnamh d’éinne atá ag cur isteach ar phost i nGaelscoil den chéad uair. Tá muid an-bhuíoch d’Aisling as an eolas cabhrach seo a roinnt linn. 

Tá go leor eolais agus naisc chabhracha ar an ábhar seo le fáil uainn anseo. https://gaeloideachas.ie/an-bhfuil-suim-agat-ar-chur-isteach-ar-phost-i-mbunscoil-lan-ghaeilge-no-ghaeltachta-i-mbliana/?lang=ga  

Aisling Uí Fhéich, Príomhoide, Gaelscoil na Fuinseoige

Is príomhoide Gaelscoile í Aisling le taithí 30 bliain aici. Bunaíodh an scoil in 2016. Bhí Aisling ina Ceann Taithí Scoile le Coláiste Hibernia agus bíonn sí ag obair le hábhair oidí fós. Tá iarchéim aici i mBainistíocht san Oideachas agus rinne sí a tráchtas ar ról tuismitheora i scoil nuabhunaithe.

File Type: pptx
Categories: Bunscoil | Primary, Eolas | Information, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher, Sleamhnáin | Slides
Tags: Gaeloideachas