Acmhainn phraiticiúil a bhféadfaí a úsáid le páistí agus daoine óga uathacha chun imní a chur in iúl agus cabhair a lorg. Forbartha i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism. Leagan Béarla ar fáil ag: www.middletownautism.com/social-media/

Bíonn sé dúshlánach imní a léiriú agus cabhair a lorg i seomra ranga atá idir ghnóthach agus challánach. Éiríonn sé níos dúshlánaí arís nuair a mhothaíonn an scoláire go bhfuil ualach rómhór orthu.

Tugann na cártaí dathchódaithe seo bealach simplí agus éifeachtach dúinn lenár gcuid mothúchán a chur in iúl. B’fhearr le scoláirí eile modh cumarsáide níos discréidí a úsáid, agus is féidir leosan peann daite a thabhairt do mhúinteoir/mhúinteoir cúnta mar rogha atá níos rúnda.

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach n-oireann an acmhainn seo do gach páiste agus duine óg toisc nach féidir le roinnt acu mothúcháin a aithint, mar gheall ar ailéicsetéime (alexithymia) nó difríochtaí i dtuiscint mothúchán. Mar sin, is faoi na daoine fásta a thugann tacaíocht don pháiste atá sé comharthaí imní a thabhairt faoi deara sa scoláire, agus tacaíocht a chur ar fáil.

Cliceáil ar dheis leis an acmhainn a íoslódáil 

File Type: pdf
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent
Tags: RSO | Special education, Uathachas | Autism