Clár a bhaineann leis an néara-éagsúlacht dírithe ar scoileanna agus ar chlubanna le páistí san aoisghrúpa 5 – 12 bliain d’aois (nó thart air sin) le hEvaleen Whelton agus le hOrla Barry ó AUsome Training/Konfident Kidz. Siobhán Uí Dhálaigh agus Peadar mac Muiris a d’aistrigh.
Is clár é INCLUDE a dearadh do scoileanna agus do chlubanna leis an Néara-éagsúlacht a mhíniú agus a iniúchadh agus glacadh leis. Tá an Néara-éagsúlacht i ngach scoil agus i ngach club ar fud an domhain. Tabharfaidh an clár INCLUDE tacaíocht duit scoil nó club níos ionchuimsithí a chruthú.
Cad é leis a mbeifeá ag dúil sa chlár?
Dhear na húdair dhá chlár éagsúla ina bhfuil 10 gceacht do dhá aoisghrúpa dhifriúla. Roinneadh na gníomhaíochtaí in aoisghrúpaí de cúig bliana go seacht mbliana agus ocht mbliana go dhá bhliain déag. Tá gníomhaíochtaí difiúla ann don dá aoisghrúpa. Úsáidtear gníomhaíochtaí le bunús sna healaíona cruthaitheacha mar shampla, aisteoireacht, gluaiseacht, canadh, tarraingt, teicnící colláise agus níos mó le éascú a dhéanamh ar thuiscint na Néara-éagsúlachta. Tá na húdair bródúil as an gcur chuige seo a bhaineann le foghlaim tríd an ealaíon. Clúdaíonn gach ceacht ábhar difriúil a bhaineann leis an néara-éagsúlacht. Moltar ceacht amháin in aghaidh na seachtaine ar feadh deich seachtaine. Tugann an amlíne seo deiseanna machnamhacha do dhaltaí agus d’oideachasóirí maraon agus coinníonn sé na coincheapa úrnua in intinn gach duine. Tá an leagan amach cineál mar a chéile ag gach ceacht, is é sin inteoir ar ábhar an cheachta, ansin gníomhaíocht le taisceáladh a dhéanamh ar an ábhar agus ar deireadh machnamh ar an ábhar. Tá smaointe ag deireadh gach ceachta le cur leis an bhfoghlaim.
Breis eolais ar fáil ag: www.konfidentkidz.ie agus www.ausometraining.com
Buíochas le Evaleen ó AUsome Training a roinn an acmhainn seo le Gaeloideachas.