Fear as an gCaorán Beag ag cur síos ar na cleasanna a d’imríodh daoine ar a chéile ar Lá na nAmadán.📻🔥

Tuairisc.ie ag glacadh múnla dátheangach chuige féin 🤣 scéal Earraigh buíochas le Dia!

Amadán Aibreáin: Na 5 bhob is fearr a d’imir na meáin ar NÓS.ie agus ceann deas scríofa acu féin 🤣

Alt ar na deacrachtaí atá ag Samhailtí Móra Teanga 🤖 leis an nGaeilge.

Cad as a tháinigh Lá na nAmadán, nó Lá an Phleidhce? 📻 An Dr Pádraig Ó Héalaí ar Raidió Na Gaeltachta.

BLOC | Guth an Phobail – Lá na nAmadán 📽️ daoine ag roinnt na scéalta is amadaí fúthu féin.

Laethanta na Riabhóige 📻🔥 Cur síos ar an seanchas a bhaineann leis an 3 lá deiridh de Mhárta agus an chéad 3 lá d’Aibreán.

Amadán Aibreáin 🔥 alt faoi stair an lae leis an Draoi Rua.

Lá na n-Amadán 🔥 béaloideas le Micheál Ó Concheanainn, múinteoir ar an Droim, Condae na Gaillimhe.

Ar Son Na Cúise 🤪 altanna barrúla ar bhréagscéalta… foirfe don seomra ranga le bob a bhualadh ar na daltaí!

Rann:

Lá Na nAmadán
(traidisiúnta)

Sceimhle! Sceimhle!
An chéad lá ‘Gheimhreadh.
Scanradh! Scanradh!
An chéad lá ‘Shamhradh.
Amadán! Amadán!
An chéad lá ‘Aibreán.

Dánta:

Scéalta Earraigh An Príomhoide

Ar chuala tú an nuacht?
Níl na múinteoirí ann
Tá an scoil le dúnadh…
Amadán Aibreáin!

Tá do chailpís ar oscailt
Feicim do bhrístín bán
Dún é go sciobtha…
Amadán Aibreáin!

An bhfaca tú é?
Ceann beag fiáin
Luch, luch, luchóg…
Amadán Aibreáin!

Scéal fada d’obair bhaile
Thóg sé leathanach iomlán
Ba bhreá liom do cheann a léamh…
Amadán Aibreáin!

Nílim ach leath slí tríd
Nach fada é mar dhán?
An bhfuil an chéad rann eile agat?..
Amadán Aibreáin!

le Tonaí Ó Roduibh

Ag déanamh scrúdú litrithe,
A bhíomar inné.
Isteach leis an bpríomhoide,
‘Tá scéal agam,’ ar sé.

‘Bíonn litriú an-leadránach,
Bíonn stair níos measa fós.
B’fhearr daoibh sos a ghlacadh,
Agus dul amach sa chlós.’

‘Tógaigí go bog é.
Dúnaigí bhur leabhair.’
Cheap an rang ar fad go raibh
An fear bocht as a mheabhair!

‘Oibríonn sibh i bhfad ródhian,
Táimse lándáiríre.
Ní gá daoibh teacht ar scoil gach lá.
Imígí ar saoire!’

‘Nílim sásta le bhur múinteoir.
Bíonn sí do bhur gcrá,
Ag gearán is ag tabhairt amach,
A bhíonn sí gach aon lá.’

‘Imeoidh mé,’ ar seisean,
‘Lá maith agaibh. Slán.’
Ansin, is é ag imeacht,
Bhéic sé ‘AMADÁIN AIBREÁIN!’

le Máire Ní Ghallchobhair

Nathanna cainte agus seanfhocla:

Síle chaoch a dhéanamh de dhuine.

Nach tusa an t-amadán is mó idir aer is uisce.

Ní dóithín réidh duit mise. / Ní inniu ná inné a rugadh mise. / Ní amadán agat mé. /  Ní haon leanbh ó aréir (agat) mé.

Ní bhíonn cóisir ar bith gan amadán.

Bain díot an leagan amadáin sin atá ort.

An chóisir i ndiaidh na hóinsí. (leanann daoine amdáin scaití)

An óinseach ag aoir ar an amadán.

Fileann an feall ar an bhfeallaire.

Is éasca an t-amadán is a mhaoin a scaradh óna chéile.

Pós amadán saibhir le bheith i do bhean bhocht bhrónach. / Pós óinseach agus spré, imíonn an spré agus fanann an óinseach.

Leabhar:

Amadán Aibreáin, cuid den sraith ghreannmhar Lúsaí, le Máire Ní Ghallchobhair. An leabhar á léamh ag Donach, mar chuid de Scéalta do pháistí le Glór Na nGael; YouTube. 4-7 mbliana d’aois.

 

🇬🇧 Google Translate


Samhain 🔥 Nollaig 🔥 Lá Fhéile Bríde 🔥 Lá Fhéile Vailintín 🔥 Máirt Inide 🔥 Lá Fhéile Pádraig 🔥 Lá Aibreáin 🔥 An Cháisc 🔥 Samhradh na nGael 🔥 Oíche Shin Seáin 🔥 An Fómhar


Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Eolas | Information, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Tuismitheoir | Parent