Roinnt áiseanna do Fhéile Bríde atá ar fáil ar líne.

Thíos tá liosta d’áiseanna; sleamhnáin, físeáin, craolta raidió agus billeoga; nasctha le Lá Fhéile Bríde, an naomh/ban a í féin agus na nósanna a bhaineann le tús an earraigh nó Imbolc / Imbolg. Téann an fhéile Earraigh sin siar na mílte bliain agus is ceann de phríomhfhéile na nGael é le cois Samhain, Bealtaine agus Lúnasa. Rugadh Naomh Bríd (c.454-525) gar do Dhún Dealgán agus thosaigh sí a príomh-mhainistir i gCill Dara. Ceanglaíodh a lán de na nósanna a bhaineann leis an mbandia agus le hImbolc le Naomh Bríd.

Urnaí/ortha:
A Naomh Bríd, a Mhuire na nGael, scar orainn do bhrat,
A Naomh Bríd, a chroí na féile, stiúir sinn ar an mbóthar ceart,
A Naomh Bríd gheanúil ghrástúil, ar ár namhaid cosain sinn,
A Naomh Bríd, a bhean rialta álainn, ar uair ár mbáis glaoigh orainn

Rann:
Oíche Nollag Mhór gan im,
Oíche Fhéile Bríde gan brachán,
Oíche na hInide gan feoil,
Nach é sin an bothán lom!

Dán:
Ó Lá Fhéile Bríde amach
Bíonn na héin ag déanamh nead,
Na caoirigh ag breith na n‑uan
Is an fuacht ag dul i dteas.
Lá Fhéile Bríde bricín –
Bain an chluas den toirtín,
Is tabhair a sháith don dailtín.

Beannacht don lá / oíche roimhe nuair atá Crios Bríde ann (ní cros atá i gceist):
Crios Bhríde mo chrios, Crios na gCeithre gCros, más fearr sibh anocht, go mba seacht fearr a bheidh sibh bliain ó inniu.

Seanfhocla:
Sneachta nach dtiocfaidh faoi Shamhain,
Tiocfaidh sé go ramhar faoi Fhéile Bríde.

Gach dara lá go haoibhinn álainn,
Ó Lá Fhéile Bríde go Lá Fhéile Pádraig.

Lá Féile Bríde (cur i láthair PowerPoint ón Gúm) – eolas faoin naomh, faoi Imbolg agus an bandia Bríd, agus faoi conas Cros Bhríde a dhéanamh le luachair / giolcacha.

Lá le Bhríde – Crois Bhríde – Cúla4 📽️ ar YouTube.

Crois Bhríde le Cúla4 Ar Scoil 📽️ TG4.

Scéal Naomh Bríde 📽️ le leanaí i Scoil Sailearna, Indreabhán, Cois Fharraige.

Eolas faoi Bhrídeoga agus conas ceann a dhéanamh 📽️ ceacht le RTÉ Home School Hub do Rang 5 & Rang 6.

Crios Bríde 📽️ Muintir Chois Fharraige ag labhairt faoi nósanna Lá Fhéile Bríde; na gasúir ag dul ó theach go teach le Crios Bríde nó le Brídeog.

Scéal Naomh Bríd ✍️ bileoga oibre.

Taisce Tuisceana ✍️ An tEarrach agus Naomh Bríd.

Bríd, le dathú 🎨 buíochas le Jim FitzPatrick as an ealaín álainn seo.

Foghlaim conas Cros Bhríde a dhéanamh! 📽️ le Dúlra Chorcra Dhiibhne ar YouTube.

Crois Bhríde Longfort 📽️ (trí ghéag) le Laillí de Buitléar ar YouTube.

Cros Bhride na Rinne 📽️ (sé mhuileata air) le hAodh Mac Craith do MolScéal.

Crois Bhríde as Tír Chonaill 📽️ (4 scoth luachra de 4 luachair i dtreo amháin agus 5 cinn sa treo eile) le Laillí de Buitléar ar YouTube.

Ceacht ar conas Crosóg Bhríde a dhéanamh 📽️ ó Bhéal Feirste le Nuacht24 ar YouTube.

Déantús Crosóg Bhríde 📽️ le Clár Ní Chnáimhsí (An Carn) ar YouTube.

Foclóir don Earrach 📽️ le Déan Comhrá ar YouTube.

Leathanach ar Lá Fhéile Bríde ó Ard-Mhúsaem na hÉireann 🎗️🕈🔥 nósanna Oíche Lá Fhéile Bríde, Crios Bhríde, Brat Bhríde nó Ribín Bhríde, Crosa Bhríde, Brídeoga.

Lá Fhéile Bríde 📽️ le Meon Eile; cuairt ar an scrín tógtha ag Fochaird i gContae Lú.

Míorúiltí Naomh Bríd ó Leabhar An Leasa Mhóir 🔥🐗 ar Nós.ie – Scéalta ársa faoi Bhan-Éarlamh na hÉireann nach bhfuil an oiread sin clú orthu.

Naomh Bríd i nGrá Dé.

Cúig Rud Nach Raibh Ar Eolas Agat Faoi Naomh Bríd ar Nós.ie

5 Nós Ársa Ar Lá Fhéile Bríde; Ceiliúradh an earraigh & an naoimh ar Nós.ie

🔥 Ar lá ’le Bríghde, gar dúinn Earrach Éireann… ar Tuairisc.ie – alt líonta le heolas faoi nósanna na féile, beathaisnéis an naoimh agus an díospóireacht faoin ‘dá Bhríde’; an Bandia Págánach agus Bríd, iníon an sclábhaí.

Nósanna Fhéile Bríd i gCorca Dhuibhne 🐮🥛 an Dr. Pádraig Ó Héalaí agus é ag plé cuid dos na nósanna agus traidisiúi a bhaineann leis an bhféile (MolScéal)

Scéalta faoi Naomh Bríd i mBailiúchán Na Scol.

📻 Eagrán den chlár Bóthar Na Léinsí, ar Raidió Na Gaeltachta, dírithe ar scéalta agus nósanna nasctha le Naomh Bríd agus tús an Earraigh.

Lá Fhéile Bríde i dTír Chonaill; Foghlaim agus Feadhach, 📻 ó Raidió Na Gaeltachta. Labhair Patricia Dawson agus beirt dalta dá cuid ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair ar an gclár Barrscéalta ar na traidisiún a bhaineann le Oíche agus Lá Fhéile Bríde agus ar na nósanna áitiúla a bhaineann leis an fhéile.

Naomh Bríd – Muire na nGael, 📻 ó Raidió Na Gaeltachta. Cur síos ar Naomh Bríd; an duine, an seanchas a bhaineann léi, agus na nósanna agus na traidisiúin a bhaineann le Lá ‘le Bríde. Gheobhaidh muid léar­gas sa gclár ar an tábhacht a bhí, agus atá i gcónaí, le Muire na nGael agus ar an mheas atá ag muintir na hÉire­ann uirthi. Tá píosaí cartlainne le cloisteáil againn, chomh maith le hagallaimh le Bríd Anna Ní Bhaoill, faoi ghnásanna i dTír Con­aill, agus le hAedín Ní Thiarnaigh a rinne máis­treacht ar Naomh Bríd agus atá ag cur fúithi in Inis Meáin.

Foclóir bainteach le Lá Fhéile Bríde agus le tús an Earraigh ar fhógrán PNG, le aistriúcháin go Béarla; Gaeloideachas.

 

 

File Type: pptx
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Eolas | Information, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Sleamhnáin | Slides, Tuismitheoir | Parent
Tags: Gaeltacht
Naomh Bríd