Roinnt áiseanna do Lá Fhéile Pádraig atá ar fáil ar líne.

Thíos tá liosta d’áiseanna; sleamhnáin, físeáin,agus billeoga; nasctha le Lá Fhéile Pádraig. Sna sleamhnáin PowerPoint nasctha leis a leathanach seo tá eolas faoi scdrámaéal Phádraig. Má tá smaointe, eolas nó grianghraif atá sibh sásta a roinnt linn téigí i dteagmháil linn.

Cúig rann ó Ghaelbhratach 📽️

Stór Focal – Lá Fhéile Pádraig; fógrán (PNG) leis an bhfoclóir aistrithe go Béarla.

Cé hé Naomh Pádraig? 📽️ le daltaí Ghaelscoil Chaladh an Treoigh ar Cúla4; YouTube.

Naomh Pádraig, i Scéal Na Gaeilge 📽️ le TG4 (fo-theideal i mBéarla le feiceáil faraor); YouTube.

Cén t-eolas atá agat ar Naomh Pádraig? 📽️ le mic léinn ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin do Mheon Eile; YouTube.

Naomh Pádraig; éarlamh na hÉireann ☘️ (5 shleamhnán faoina shaol) le Ambaiste ar SlideShare.net

Tarraing Naomh Pádraig 📽️🎨 le hAidan Courtney ó Chomicí Gael; YouTube.

Cárta Lá Fhéile Pádraig 📽️🎨 le Dara Mac Gee do Cúla4, YouTube.

Seachtain na Gaeilge 📝 bileoga oibre (PDF), leis an bhForbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí.

Taisce Tuisceana faoi Naomh Pádraig 📝 (PDF) le CEA agus COGG.

Taisce Tuisceana faoi Naomh Pádraig agus an tseamróg 📝 (PDF) le CEA agus COGG.

Bratach na hÉireann 📽️ – ceacht faoi ar Cúla4; TG4.

Turas Naomh Pádraig; suíomh faoin naomh leis an mBBC

Naomh Pádraig agus na Beannachtaí 📻 scéal dhá nóiméad léite ag Peadar Lamb do Raidió Na Gaeltachta.

Naomh Pádraig 📽️📚, ón leabhar Tír Na Meala le Máiréad Ní Ghráda, léite ag Con Ó Cróinín; YouTube.

Naomh Pádraig 📽️📚, ón leabhar staire grafach Éire; Sean is Nua, léite ag Peadar Ó Fearghail; YouTube.

Éire Luath-Chríostaí 📽️ – Eimear ag labhairt faoi Éirinn Luath-Chríostaí: Naomh Pádraig, Oġam, Sean-Ghaeilge agus tuilleadh; YouTube.

Turas Naomh Pádraig Timpeall na hÉireann 🔥 scéalta béaloidis nasctha le sé cinn de na logainmneacha a bhaineann le Pádraig.

Dráma Lá Fhéile Pádraig 📻🎭 Aisteoirí Ghaoth Dobhair le leagan drámatúil den ghearrscéal “Lá Fhéile Pádraig” as an leabhar An Grá agus an Ghruaim le Seosamh Mac Grianna; Raidió Na Gaeltachta.

Eolas staire faoin naomh agus an conspóid 🔥 faoi The Two Patricks, léachtanna a thug an tOllamh Tomás Ó Rathaille, leis an mBr. C.B. Cuinn.

Naomh Pádraig agus Traidisiúin na nDaoine ☘️🔥 le Clodagh Doyle, Coimeádaí, Rannán Shaol na Tuaithe, Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Cur síos ar chuid desna nósanna ☘️ a bhaineann leis an lá, agus leis an naomh, atá ar fáil ar an suíomh Dúchas.ie

Scéalta faoi Naomh Pádraig i mBailiúchán na Scol 🔥 Dúchas.ie

Déan Comhrá; Lá Fhéile Pádraig 📽️ físeán foclóra dírithe ar thuismitheoirí agus ar fhoghlaimeoirí fásta eile.

Naomh Pádraig ó Scéal Na Gaeilge 📽️ ach le fotheidil Ghaeilge le feiceáil, in áit na cinn Bhéarla.

Naomh Pádraig 📽️ beochan íomhá ar íomhá faoi shaol an naoimh déanta ag Gaelscoil Bhrian Bóroimhe, Fine Gall, le Stop Motion Studio

Naomh Pádraig 📽️ Scéal Pádraig leis an gCoimisiún Eorpach

Dóchas Linn Naomh Pádraig 📽️🎵 ar an bhfeadóg leis The Whistler; YouTube.

Lá Fhéile Pádraig 📽️🎵 amhrán ar an Sean Nós le Sorcha Ní Chéilleachair; focla ann (Cartlann Sean Nóis TG4).

Fógrán faoi Lá Fhéile Pádraig le Foinse agus COGG.

Tráth na gCeist 📝 do Sheachtain Na Gaeilge; dhá cheann do bhunscoileanna (r1-3, r4-6) agus dhá cheann do mheánscoileanna (b1-3, b4-6).

Áiseann ar fáil ó Twinkl ballraíocht de dhíth.

Seanfhocla:

Gach dara lá go haoibhinn álainn,
Ó Lá Fhéile Bríde go Lá Fhéile Pádraig.

Arsa Bríd: ‘Gach re lá breá ó mo lá-sa amach’;
Arsa Pádraig, ‘Gach lá breá ó mo lá-sa amach, is leath mo lae féin leis.’

Airneán go Féile Phádraig, cuartaí maith go Bealtaine agus fíréan thríd is tríd.

Ní dírí bradán i lár an easa ná Lá Fhéile Pádraig i lár an earraigh.

Tugann Pádraig grian leis agus Micheál an tsíon.

Rann:

Lá ‘le Pádraig Earraigh,
Bíonn nead ar gach coill,
Breac ar gach linn,
Agus lao in ngach cró in Éirinn.

Urnaithe / Paidreacha:

Lúireach Phádraig

Críost liom,
Críost romham,
Críost i mo dhiaidh,
Críost (istigh) ionam,
Críost fúm,
Críost os mo chionn,
Críost ar mo lámh dheas,
Críost ar mo lámh chlé,
Críost i mo lúi dom,
Críost i mo sheasamh dom,
Críost i gcrói gach duine atá ag smaoineamh/cuimhneamh orm,
Críost i mbéal gach duine a labhráionn lom,
Críost i ngach súil a fhéachann orm,
Críost i ngach cluas a éisteann liom / chloiseann mé.

Leagan eile, le deich líne, anseo.

Dóchas Linn Naomh Pádraig

Dóchas linn Naomh Pádraig
Aspal mór na hÉireann,
Ainm oirearc gléigeal
Solas mór an tsaoil é.
D’fhill le soiscéal grá dúinn
D’ainneoin blianta i ngéibheann.
Grá mór Mhac na páirte,
D’fhuascail cách ón daorbhruid.

Sléibhte, gleannta máighe
‘S bailte mór na hÉireann,
Ghlan sé iad go deo dúinn,
Míle glóir dár naomh dhil.
Iarrmaid ort, a Phádraig,
Guí orainne Gaela,
Dia linn lá ‘gus oíche
‘S Pádraig Aspal Éireann

Le Tomás Ó Flannghaile (bunaithe ar Admuinemmar nóeb-Patraicc le Niníne Éces).
Bileog cheoil a théanns leis agus físeáin cheoil ar YouTube.

Paidir do Ghaeilgeoirí
A Thiarna, labhair tú leis na ciníocha ina dteangacha dílse féin Domhnach Cincíse. Labhair tú fós le muintir na hÉireann ina dteanga féin trí Phádraig, Bhríd, Cholm Cille agus naoimh uile ár dtíre. Soilsigh ár n-aigne chun urraim a thabhairt don oidhreacht uasal a tháinig chugainn tríd an teanga sin, agus neartaigh ár dtoil chun í a shlánú agus a láidriú chun do ghlóire féin agus onóir na hÉireann trí Chríost ár dTiarna. Áiméan.
Leis an tAthair Diarmuid Ó Laoghaire.

Dán:

Naomh Pádraig (le Dáithí Ó Diollúin)
Sciobadh é mar sclábhaí
I long a ghabh thar toinn.
Faoi shrian na laobhra gallda
I ngéibheann thíos a bhroinn.

D’fhulaing tréimhse uaigneach
Ag tiaráil ar an sliabh.
Gan mórán dóchais ina chroí
A chine a fheiceáil riamh.

Oíche amháin tar éis dó guí
D´éalaigh sé sa cheo.
Tar éis dó bád a aimsiú
Abhaile leis slán beo.

Ach mar easpag gaoiseach a d’fhill sé,
Is le seamróg, cros is pár,
Chuir Críost in iúl d’Éireannaigh;
Tá urraim dó dá bharr.

Bíonn ainm Phádraig ar an tsráid,
Ar shéipéal, scoil is teach.
Ar otharlann, is gasúr óg,
Is é ár reiligiún a leac.

Leabhra:

File Type: pptx
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent
Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh ó Gaeloideachas 2022