Is Lá Fhéile Vailintín 💘 (ar Foclóir.ie – éist: ceann desna féilte móra sa scoilbhliain agus déantar ealaín i seomraí naíonra agus seomraí bunscoile ó fud fad na tíre. Sa PDF nasctha leis a leathanach seo tá smaointe furasta do leanaí óga daoibh agus thíos tá liosta d’áiseanna eile. Má tá smaointe, eolas nó grianghraif atá sibh sásta a roinnt linn téigí i dteagmháil linn.
Dathaigh ár mbileog foclóra do leanaí óga agus ceangail na poncanna ar an mbileog dhathúcháin Mo lao thú! do Lá Fhéile Vailintín 🎨 Tuilleadh ar fáil ar an suíomh GaeilgeDonNaíonra.ie
Leathanaigh dathúcháin agus bileoga oibre 🖍️🎨✏️🧩 le Siopa Údar.
Cúig bhileog oibre 🖍️🎨✏️ le Mol An Óige, an comhlacht a dhíolann greamáin agus féiríní eile don seomra ranga.
Póganna 💋 dán beag barrúil do leanaí ar an suíomh GaeilgeDonNaíonra.ie
Lá Fhéile Vailintín – Cé hé Naomh Vailintín? ❣️🔥 Alt ar Peig.ie
Scéal Naomh Vailintín agus stair na féile go hidirináisiúnta 📽️❣️🔥 i bhfíseán seacht nóiméad ar YouTube.
Ceithre chárta deartha 📽️🎨💌 tarraingt agus dathú, ag Ar Scoil Le Chéile ar YouTube.
Conas dhá chárta Vailintín éagsúla a dhéanamh 📽️🎨💌 le Drithle Nic Adhaimh ar YouTube.
Dhá mhaisiúchán, croíthe, le déanamh don bhféile 📽️🎨💟 le Ar Scoil Le Chéile ar YouTube.
Conas maisiúcháin le croíthe 3T a chur le chéile 📽️🎨 Léargas An Chultúrlann ar YouTube.
Adhairt Vailintín 📽️🎨💗 ón sraith Déan Féin É, le Caitríona Nic Chormaic le Cúla4; TG4.
Brioscaí Valaintín 🍪💝 oideas agus treoracha (sleamhnáin).
Taisce Tuisceanna ar Lá Fhéile Vailintín ✍️ (bileog oibre) le COGG agus CEA.
Bileog oibre (Rang 5/6) ar Lá Fhéile Vailintín ✍️ le RTÉ Home School Hub.
Céard is grá? 📽️ Leanaí as Scoil Colmáin, Muigh-Inis, Carna ag cur síos ar céard a chiallaíonn an lá dóibh; Cúla4 ar YouTube.
Nuacht Cúla4 ag tuairisciú ón Eaglais Shráid Na mBráithre Bána 📽️ áit a bhfuil scrín Vailintín
Grá ar Lá Vailintín 📽️ daoine ag tabhairt a dtuairimí faoin lá do Nuacht24 (leagan le fotheidil Ghaeilge)
Lá Fhéile Vailintín – rómánsaíocht nó raiméis? 📽️ Labhair Meon Eile le beirt bhan faoi cheiliúradh Lá Fhéile Vailintín agus le fáil amach an rómánsaíocht 👍 nó 👎 raiméis é?
Lá Fhéile Vailintín – Tuairimí an phobail 📽️ Meon Eile ag labhairt le Ruairí, Brídín agus Ferdia i mBéal Feirste faoi nósanna an lae
Más bean a chum Lá Vailintín, níl amhras ach gur i gceártain na bhfear a buaileadh na seanfhocail 👩❤️👨 le Seán Mac an tSíthigh ar Tuairisc.ie
Lá Fhéile Vailintín – flaitheas bolscaireachta nó seanchas seanchaite? 📻🔥 Labhair Bláthnaid Ní Chofaigh le Jonny Dillon agus Claire Doohan ón Roinn Béaloidis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ar an gclár Bláthnaid Libh, maidir leis na nósanna grámhara Gaelacha a bhí ann fadó in Éirinn (clár raidió agus alt ar RTÉ.ie).
😘 Póg Mar Seo 📕👂 le Mary Murphy, léite ag Gabriel Rosenstock ar SoundCloud.
Tomhais Méid Mo Ghrá Duit 📕👂 le Sam Mac Bratney, léite ag Gabriel Rosenstock ar SoundCloud.
Grá faoi Scáth Cogaidh 📕 le Brian Ó Baoill – Ógbhean Éireannach á seoladh thar lear le linn na gluaiseachta náisiúnta agus titeann sí i ngrá le Giúdach óg i Vín na hOstaire. Caithfidh siad tíocht tríd dhá chogadh domhanda, uileloscadh na hGiúdach agus forlámhas na Rúiseach in oirthaer na hEorpa go deireadh na 1950aidí.
Mo Vailintín (amhrán) 🎶📽️💌 le Seán Monaghan ar YouTube (fo-theidil Ghaeilge).
Grá Mo Chroí 🎶📽️ le TG Lurgan ar YouTube (focla ar fáil sa gcur síos thíos faoin bhfíseán).
Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir 🎶📽️😜 (amhrán grá greannmhar) le Tadhg Mac Dhonnagáin; físeán leis na focla ar YouTube.
Lig Don Ghrá Isteach i do Chroí 🎶📽️ le Gaelscoil Eisir Riada, Leamhcán (focla agus fotheidil roghnach ann).
Abairtí faoi ghrá 📽️ le haistriúcháin go Béarla, le Muineachán Le Gaeilge ar YouTube.
Foclóir an lae 💕 le haistriúcháin go Béarla; fógrán PNG le Gaeloideachas.
Lá Fhéile Vailintín 💕 fógrán foclóra le Áiseanna as Gaeilge.
Lá Fhéile Vailintín agus Cúrsaí Grá – foclóir 💕 le Pobalscoil Chionn tSáile.
Luaschártaí Quizlet ✍️ ar an téama.
Lá Fhéile Vailintín – Cá bhfuil an grá? 💕 VoxPop le Nuacht24 ar YouTube.
📚 Leabhra:
- Póg Mar Seo le Mary Murphy (0-5 bliana)
- Tomhais Méid Mo Ghrá Duit le Sam Mac Bratney (0-5 bliana)
- An Mac Tíre a bhí sa tóir ar an ngrá le Orianne Lallemand (4-7 mbliana)
- Grá faoi Scáth Cogaidh le Brian Ó Baoill (déagóirí)
- Deirdre agus Mic Uisnigh le Colmán Ó Raghallaigh (leabhar grafach)
- Deirdre le Darach Ó Scolaí
- Scott Pilgrim aistrithe ag Seanán Ó Coistín (úrscéal grafach)
🍸🍹Manglam Vailintín uait? Agus do lá oibre críochnaithe agat seo oideas do mhanglam Vailintín le BLOC ar YouTube.