Tá leabhrán álainn curtha le chéile ag Gaelscoil na Fuinseoige le bronnadh ar scoláirí nua na naíonán agus iad ag tosú ar scoil. Is leabhrán simplí é a chabhróidh go mór leis an aistriú chuig an mbunscoil agus a chabhróidh go mór le páistí aithne a chur ar an scoil roimh ré. Tá pictiúir le dathú ann, tá grianghraif a léiríonn an foirgneamh scoile, an fhoireann, an seomra ranga, an hall, an éide scoile agus eile. Ár mbuíochas mór ó chroí le hAisling Uí Fhéich, Príomhoide na scoile, a roinn an leabhrán seo linn mar theimpléad a bhféadfadh scoileanna eile a chur in oiriúint dá scoileanna féin don bhliain seo chugainn. Dar ndóigh, d’fhéadfaí an leabhrán a úsáid anois freisin, le plé faoin scoil agus gach rud atá déanta sa gcéad seachtain. 

Leagan Word anseo: Leabhrán Naíonáin Nua Gs na Fuinseoige doc

Leagan PDF ar dheis.

File Type: pdf
Categories: Bunscoil | Primary, Eolas | Information, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Tuismitheoir | Parent
Tags: Aistriú | Transitions, Tumoideachas | Immersion