Leabhrán álainn curtha le chéile ag Gaelscoil na Fuinseoige chun cabhrú leis an aistriú chuig an mbunscoil agus le deis a thabhairt do na páistí aithne a chur ar an scoil roimh ré.

Tá leabhrán álainn curtha le chéile ag Gaelscoil na Fuinseoige le bronnadh ar scoláirí nua na naíonán agus iad ag tosú ar scoil. Is leabhrán simplí é a chabhróidh go mór leis an aistriú chuig an mbunscoil agus a chabhróidh go mór le páistí aithne a chur ar an scoil roimh ré. Tá pictiúir le dathú ann, tá grianghraif a léiríonn an foirgneamh scoile, an fhoireann, an seomra ranga, an hall, an éide scoile agus eile. Ár mbuíochas mór ó chroí le hAisling Uí Fhéich, Príomhoide na scoile, a roinn an leabhrán seo linn mar theimpléad a bhféadfadh scoileanna eile a chur in oiriúint dá scoileanna féin don bhliain seo chugainn. Dar ndóigh, d’fhéadfaí an leabhrán a úsáid anois freisin, le plé faoin scoil agus gach rud atá déanta sa gcéad seachtain. 

Leagan Word anseo: Leabhrán Naíonáin Nua Gs na Fuinseoige doc

Leagan PDF ar dheis.

File Type: pdf
Categories: Bunscoil | Primary, Eolas | Information, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Tuismitheoir | Parent
Tags: Aistriú | Transitions, Tumoideachas | Immersion