Pacáiste gníomhaíochtaí deartha leis an Lá Feasachta um Chumarsáid Bhreisitheach agus Mhalartach (AAC) a cheiliúradh. Cabhraíonn AAC le go leor daoine iad féin a chur in iúl. Ar an 10ú Deireadh Fómhair, déanfar an lá a cheiliúradh in Éirinn. Is deis iontach í seo chun cabhrú le scoláirí agus le baill foirne níos mó a fhoghlaim faoi AAC, cumarsáid chuimsitheach a spreagadh, agus spraoi a bheith ann á dhéanamh. Chomh maith leis sin, is bealach iontach é tuiscint a spreagadh agus feasacht a ardú maidir le piaraí a úsáideann an AAC len’iad féin a chur in iúl. Tá gach guth tábhachtach. Sa bpacáiste acmhainní seo, tá:

  • smaointe ceachta
  • gníomhaíochtaí spraíúla do gach aois
  • scéalta AAC
  • Póstaeir, acmhainní amhairc agus eile.

Ár mbuíochas le Grúpa Feasachta AAC na hÉireann as an acmhainn seo a fhorbairt agus a roinnt linn.

File Type: pdf
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent
Tags: RSO | Special education, Uathachas | Autism