Scil shóisialta thábhachtach is ea do sheal a ghlacadh, scil saoil a theastaíonn do thimpeallachtaí éagsúla. Bíonn an scil a bhaineann le seal a ghlacadh in úsáid go minic tríd an ngnáthlá naíonra nó scoile. Mar shampla: am ciorcail, ag labhairt sa seomra naíonra nó ranga, ag freagairt ceisteanna, i gcluichí éagsúla, nó sna freagrachtaí beaga a bhíonn ag na páistí sa rang (leabhair nó boscaí lóin a thabhairt amach, nithe a bhailiú, etc.). Méadaíonn an scil seo rannpháirtíocht, comhoibriú agus cómhalartacht sa chumarsáid. Is féidir leis a bheith dúshlánach do pháistí agus dhaoine óga uathacha in amanna, áfach, mar bíonn tuiscint shóisialta agus smaointeoireacht sholúbtha ag teastáil len’é a chleachtadh. Mar sin, is gá an scil seo a theagasc go soiléir do roinne páistí agus daoine óga.
Tá acmhainní eile a bhaineann le seal a ghlacadh ar fáil i Leabharlann Gaeloideachas chomh maith ach cuardach a dhéanamh ar an bhfocal “seal”. Tá eolas cabhrach ó Middletown maidir leis an scil a mhúineadh agus cúiseanna a bhféadfadh sé a bheith deacair do pháistí agus dhaoine óga áirithe anseo.