Acmhainn phraiticiúil a bhféadfaí a úsáid le páistí agus daoine óga uathacha chun scileanna cumarsáide agus sóisialta, idir scileanna scríofa, tuairiscithe agus labhartha a threisiú. Forbartha i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism.

Tugann an loga seo deis do pháistí agus daoine óga taifead a choinneáil de ghníomhaíochtaí a bhíonn idir lámha nuair nach bhfuil siad ar scoil. Anuas ar gníomhaíochtaí dearfacha a bhreacadh síos, tugann an loga deis don pháiste nó don duine óg gníomhaíochtaí nach dtaitníonn leo a chur in iúl freisin. Spreagann an acmhainn seo scileanna éagsúla agus na nithe seo á roinnt le daoine eile. Ina measc, mothúcháin a chur in iúl, léitheoireacht, scríbhneoireacht agus cumarsáid eispriseach. Is féidir an acmhainn seo a úsáid i bhfoirm chlóite no i bhfoirm dhigiteach.

Leagan Béarla ar fáil ó Middletown Centre for Autism ag: www.middletownautism.com/social-media/

File Type: pdf
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Sa bhaile | Use at home, Tuismitheoir | Parent
Tags: RSO | Special education, Uathachas | Autism