Áis nua ar líne don mhatamaitic a thacaíonn leis an dá churaclam ó thuaidh agus ó dheas.

Is comhthionscadal é Mol Mata idir CCEA agus An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhar le PDST. Tá sé de chuspóir ag an tionscadal tacú leis an dá churaclam ó thuaidh agus ó dheas maidir le teagasc na matamaitice.

Tá réimse uirlisí agus láimhseoga ar líne, chomh maith le cluichí agus gníomhaíochtaí ceannoscailte. Dearadh iad go speisialta le deis a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta a gcuid smaointeoireachta agus teanga mhatamaiticiúil a fhorbairt ar bhealach spraíúil.

File Type: www
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Gaeilge amháin | Irish only, Múinteoir | Teacher
Tags: Uimhearthacht | Numeracy